
NireBlog I dteangacha eile: ar|ast|br|ca|cy|en|es|eu|gl|oc|pt|pt_br|ru|an|ga|tr|
ed hardy men jeans ed hardy women jeans Christian Audigier CA MEN TEE CA WOMEN TEE CA men long sleeve TEE CA women long sleeve TEE CA MEN Hoody CA women Hoody CA MEN Jeans CA BAGS CA bikini CA Caps CA women skirt Michael Jackson Man TEE Woman TEE
He is the leader of the Scottish National Party (SNP), Member of Parliament for the constituency of Banff and Buchan, and the Member of the Scottish Parliament for Gordon. He is currently serving his second term as leader of the SNP, having previously been leader between 1990 and 2000. The SNP won the 2007 Scottish Parliament election with 47 seats, one seat ahead of their nearest rivals, the Scottish Labour Party. On 16 May 2007, Alex Salmond became First Minister, heading the SNP administration.
he title of the song refers to the 1840s Great Famine of Ireland, which led the country's population to fall from approximately 8 million to 5 million — starvation and emigration accounting for the loss.[5] Although the bulk of emigrants moved to North America, large numbers moved to Scotland and England, settling in London, Liverpool and Glasgow.[6] Since then, Glasgow, in particular, has had problems with sectarianism, with its two main football teams being the focal points of identity: Celtic for Catholics, Rangers for Protestants. The chant replaces the original words of the chorus of "Sloop John B", "I feel so broke up / I wanna go home", with "The famine is over / Why don't you go home".
El 29 de agosto de 2008 se anunció que sería la candidata a vicepresidenta de los Estados Unidos por el Partido Republicano acompañando a John McCain en la candidatura presidencial, convirtiéndose así en la primera mujer que aspira a la vicepresidencia de ese país por el partido republicano, y la segunda en la historia tras Geraldine Ferraro, quien en 1984 fue compañera de candidatura de Walter Mondale, candidato por el Partido Demócrata. Sarah Heath nació en Sandpoint, Idaho. Hija de un maestro de ciencias y de una secretaria, su familia tiene antepasados irlandeses, ingleses y alemanes. A los pocos meses de nacer se trasladó con su familia a Alaska.
is a English racing cyclist for Barloworld on track and road. In 2006 he rode for Landbouwkrediet-Colnago and came second in the Trofeo Laigueglia to Alessandro Ballan of Lampre-Fondital. In 2007 he switched to Discovery Channel before moving to Barloworld in 2008. Cummings won the team pursuit at the 2005 UCI Track Cycling World Championships in Los Angeles and at the 2006 Commonwealth Games. He also took bronze in the individual pursuit. At the 2004 Olympics in Athens Cummings and the Great Britain team achieved a time of 3-59. In 1999, riding for Birkenhead North End CC as a junior, aged 17, Cummings won the Eddie Soens Memorial Road Race, a handicap race open to all categories. It remains the only time in 46 years that a junior has won. He went on to take the British National Road Race Championships that year.
Blogs are so informative where we get lots of information on any topic. Nice job keep it up!!
Found your blog on Google and have enjoyed reading your posts. Nice work! Sunshine Coast Search Engine Marketing
Cuir neasc ar www.catholicheritage.blogspot.com le do thoil.
mas scriobhneoir no file ,ealointoir no grianghrafadoir beidh failte romhat do chuid oibre a thaispaint ar an idirlion ag leinenuaantaoisigh.blogspot.ie. ma ta tuairimi ar bith agat ata do thochas scaoil amach iad! Leine Nua an Taoisigh Blog don ré nua!
Ta se saibhir ag teacht on Rialtas seo lena mercs agus percs bheith ag iarraidh ar na gnáth daoine a chuid siopadóireacht a dheanamh sa bhaile ar costas níos daoire.Ní thuigeann an Rialtas seo chonas a mhaireann na cos muintir o lá go lae ar buiséad iseal
Duine amháin as Béal Feirste!!!! Duine eile as Glinnte Aontroma agus duine as Ard Mhacha le smacht a choinneáil orthu ar fad
B'fhéidir go bhfuil dul amú orm ach creidim nár fhiú an troid seo ar son na Gaeilge a dhéanamh leis na haontachtaithe, ar nós Gregory Campbell. B'fhearr i bhfad í a thabhairt chun na hEorpa agus na ceartaí a bhaint amach dúinn ansin. Ach sin ráite, ní shílim gur chóir dúinn gan troid a dhéanamh ar son na Gaeilge, nó tuigim go maith go gcaithfidh muid brú a chur ar na haontachtóirí i dtólamh aitheantas a thabhairt dúinn mar Éireannaigh agus mar Ghaeil. Tiocfaidh ár lá; mar a dúradh roimhe, agus beidh Roinn an Chutlúir ag Sinn Féinn nó ag an SDLP agus gheobhaidh muid Acht éigin an t-am sin, ach síliim fá láthair go dtabharann muid fáil don DUP cáineadh na Gaeilge a úsáid mar ardán le dul i bhfeidhm ar a lucht vótála féin. B'fhusa dúinn dul thart orthu ar fad mar a bhaineann sé le hAcht Gaeilge agus an argáil a thabhairt chun na hEorpa, ceartaí na Gaeilge a bhaint amach ansin agus ní bheith de rogha ag an DUP ach aon reachtaíocht Eorpach a achtú. Is fearr dúinn a bheith roghnaíoch agus muid ag dul i mbun troda leis na haontachtóirí fán Ghaeilge. Tiocfaidh an lá agus beidh rud éigin a dhíth orthusan agus gheobhaidh Sinn Féin nó an SDLP Acht Gaeilge mar chuid de shocrú éigin eile. Tá roinnt áitheas a dhíth orainn anois agus is fusa dúinn iad sin a fháil ón na rannóga stáit a bhfuil Aire níos báúla iontu agus a bheas níos sásta rudaí a ghaelú le tacú le cúis na Gaeilge. Seas siar! Fiafraigh cad é thig linn a bhaint amach! Agus iarr é!
Maith thú a Eoghain. Bhí an t-agallamh ar Barrscéalta am lóin iontach maith. Níor theip riamh ar Ghaeil Bhéal Feirste. Leanaigí libh.
Go ndéana a mhaith dhuit, a Lisa. Cuireann sé gogallach éin i gcuimhne dom!
Maith thu a Fhearn, glic agus greannmhar chomh maith!
Focal úr don fhoclóir: geilleagarghrá?
B'fheidir dá mbeadh Airí an Rialtais sásta a gcuid gruaige a fháil nite agus seidte sa bhaile, in áit i Florida ar chostas $410, go mbeadh creidiúint ag dul dá gcuid cainte faoi 'thír ghrá' agus 'cáin' a bheith á dhíol le HMG
is cinnte gur áiféis atá sa chaint seo uilig ar thírghrá ach san am céanna tuigim don rialtas ó dheas. Tá dhá stát in Éirinn agus ní maith dúinn a shéanadh agus in áimsear seo na gearcéime ní bheinn féin ina ndhiaidh orthu a bheidh ag iarraidh airgid a choinneáilt sa stát a bhfuil ceannas acu air ach in áit a bheidh ag cáint ar thírghrá b'fhéidir nár mhisde dóibh iarraidh ar dhaoine gan airgead a chaitheamh sna sé chontae de bharr go bhfuil 15% de gach Euro a chaitheann siad ag dul chuig rialtas na Breataine leis an chogadh a throid in Írac agus Áfgainistan.
Shocraigh clann Rosemary Nelson dul leis an leagan amach seo - fiosruchán nach mbeadh de thoradh air riamh ach toradh amháin - bhí an tÉireannach ciontach. Bíodh seo ina cheacht do mhuintir Finucane agus na daoine eile atá ag diúltiú dul leis an leagan amach seo. Níl cothrom na Féinne i ndán d'Éireannach ar bith a théann i muinín cúirteanna na Breataine. .
An fath gur luaigh mé é seo go raibh aighneas níos luaithe i mbliana idir Ó Céidigh agus O'Leary ar an abhar go bhfuil Ryanair ag iarraidh Aer Arann a chur as gnó! Agus an ghnó deas ag Ó Céidigh a shanntú le h-aghaidh Ryanair....
Glacaim leis gur ag tagairt do Phádraig Ó Céidigh, ceannasaí Aer Arann atá tú. Nó an é go bhfuil fear Chonamara tar éis tairiscint a dhéanamh d'aerlíne Michael O'Leary agus Ó Laoire ag iarraidh Aer Lingus a cheannach!
Seó iontach maith. Is é an trua nach raibh níos mó ann faoi leabhair Gaeilge.Dar liom go raibh barraíocht faoi leabhair Béarla. Ach le himeachta ama... Gach rath
Maith é, ceart ar fad aige.
Cad an cuspoir a bhí ag na daoine a d'ionsaigh Mumbai? Cad é an clár oibre acu? Thig leat plé le dream a bhfuil aidhm loighiciúil acu agus clár éileamh atá réadúil. Ach más rud é gur dream iad seo a gcreideann go bhfuil Dia á stiúir nó gur gá dóibh stát a bhunú ar phrionsabail an Taliban .... ní féidir rud ar bith a dhéanamh leo ach troid ina gcoinne. Maidir le hionsaí Mumbai agus an dearcadh gur ionsaí é 'orainne.' Is cinnte gur ionsaí a bhí ann ar dhaoine neamhurchóideacha nach bhfuil ceangal dá laghad acu leis na fórsaí armtha a bhíonn ag sladú daoine neamhurchóideacha san Afganastáin is san Iaráic nó sa Phalaistín.
"Ionsaí Mumbai ina ionsaí orainne "? Cá bhfuair tú an domhandú seo? Más muidne na hiospairtigh, nach muidne na gníomhaithe freisin? Ionsaí Mumbai agus muidne ag ionsaí orthu ?
gineann éagóir fuath, gineann fuath mire,agus gineann fuath scéimhle . deireadh le héagóir deireadh le scéimhle
Aontaím leis an méid atá le rá ag Aonghus thar an an Nuachtbhlag, ba chóir go mbeadh míreanna nua ann le haghaidh scéalta nua ionas go mbeadh sé ag teacht suas ar RSS Google reader go rialta. Agus chun do chuid oibre a laghdú ba chóir go mbeadh níos mó ná duine amháin ag scríobh na míreanna .i. is féidir cead a thabhairt do dhaoine eile scríobh ar an mblag céanna má bhreathnaíonn tú faoi Settings/Permission.
mo leithscéal a Eoghain ach bhí an uimhir chontráilte agam ar an phostáil sin. is 141 Br.an Gleanna atá ann mar a bhí agat i gceart an chéad uair
"Glanaulin" an tainm atá ar theach na mbráithre Críostaí ag 140 Br. a' Ghleanna.Tá sé suite ar an taobh eile den bhóthar os comhair COOLNASILLA.
Direach ag brathnú ar an bhlag nuachta i gCeanada anois. Mór an tógail chroí.
An féidir seo a chur ar fáil i bhfoirm clóite? Is iontach é ach is binn liom nuachtán clóite.
An féidir seo a chur ar fáil i bhfoirm clóite? Is iontach é ach is binn liom nuachtán clóite.
Togha fir. An togra roimh an deontas. - díreach dála Lá. Croch suas é.
Comharba "LÁ NUA" ? bullaí fir. na habair é déan é
Muise, tá an cheart agat, bhí mé fhéin ag baint úsáide as na laethanda fíorghaelacha atá rud beag níos difriúla óna na laethanda Gallda seo a bíos a úsáid ag aos óg an lae inniu, nó an lae amárach duit féin is dócha.
A Fhreagra - Oíche Dhéardaoin a mhic - seo an Déardaoin.
Thuineáil mise isteach agus bha clár eile ar siúil. Cad é an squéal like?
Is é seo díreach an cineál rud atá ag teastáil i saol na Gaeilge. Táim féin ar tí suíomh nua a sheoladh, icultur.ie, ina dtabharfar árdán don ealaíon is don litríocht Ghaeilge agus fóram chun fiúntas a phlé. Maith sibh Raidió Fáilte - tá súil agam go mbeidh sibh ábalta teacht i dtír ar an gcuidiú a bhí ar fáíl go dtí seo ag Lá Nua le h-aghaidh 'Faoi Chaibidil' agus a rachadh amach as earnáil na Gaeilge i mbéal na Nollag seachas sibh é a lorg agus a fháil....
A Liam, Is greannmhar an rud é a rá nach bhfuil an tIúr chomh hÉireannach le Daingean Uí Chúis. Tá na céadta comhartha Gaeilge sa chathair (comharthaí bóthair, sráide, siopaí srl.) agus níor chuala mé mórán daoine ag gearán futhú riamh - ní féidir an rud céanna a rá faoin Daingean breá Gaelach úd a luaigh tú thuas!
"Os rud é gurb í an Ghaeilge teanga dhúchais an Tuaiscirt, agus an phríomhtheanga oifigiúil sa chuid eile d’oileán na hÉireann,....., tá sé de dhualgas ar an Stát í a bhuanú in achan ghné de shaol phoibli, gheilleagair, shóisialta agus chultúrtha an Stáit mar cheann de dhá phríomhtheanga labhartha agus scríofa na sochaí seo." (Tag:Pobal:Aighneacht ar an doiciméad ‘Making a Bill of Rights for Northern Ireland’ ar son phobal na Gaeilge i dTuaisceart na hÉireann). Is dócha go bhfuil 'Gaeilge agus Béarla' i gceist ag Pobal nuair a luaitear 'dhá phríomhtheanga'! An bhfuil drogall nó leisce ar Pobal 'Gaeilge agus Béarla' a bheith san Acht Gaeilge? Má tá,,cén fáth? B'fhearr go mór an cur chuig atá i mBille Uí Bhrolchain, an Ghaeilge agus an Béarla a bhunú mar theangacha oifigiúla i dtuaisceart na hÉireann. "Tá cumhacht an Rialtais a bhfuil dlínse aige sa dúiche atá i gceist bunaithe ar ‘lánurraim agus comhionannas do chearta sibhialta, polaitiúla, sóisialta agus cultúir, saoirse ón leithcheal do gach uile shaoránach, cothroime gradaim agus déileáil go coir comhionann le féiniúlacht, aetas agus toilmhianta an dá phobal’ – sin a deir Comhaontú Aoine an Chéasta. Chiallódh sé sin, i mo thuairim, go mba d’Acht Teanga ó Westminster 'Gaeilge agus Béarla' a aithint mar theangacha oifigiúla do Thuaisceart Éireann, agus bunphrionsabail eile a leagan síos." ( Tag: Pádraig Breandán Ó Laighin, Acht Teanga an Tuaiscirt :Feidhmeannas nó Londain?, Foinse,7Mean Fómhair 2008)
san áimsear seo agus an bhróg ag teannadh orainn go léir sílim narbh mhiste do dhaoine siopadóireacht a dhéanamh go háitiúl má's féidir leo. Ní céist Éireannachais nó céist Bhriotanachais í seo .is céist shimplí ghéileagair atá ann.Dá laghad airigid a chaitear i mbaile ar bith is lú séirbhisí a bheas ar fáil sa bhaile sin agus is mó an dí fhostaíocht dá bharr mar sin bheadh sé chomh céillí agamsa mó chuid siopadóireacht nollag a dhéanamh i mBéal Feirste agus go mbeadh sé ag Concubhar a chuid a dhéanamh i gCúl Aodha.an manadh?. Má's gá a dhéanamh ar chor ar bith déan go haitiúl é agus le Gael má's féidir é.
Amaidí an rud seo ar fad. Gach seans go bhfuil an earra a cheannaíonn tú sa Phoblacht de dheantús na Síne, nó de dhéanamh na Gearmáine nó dá réir. Ceannaigh earraí Éireannacha cibé áit a bhfuil siad ar díol - in Iúr nó i mBaile Átha Cliath. Ach mise, ceannóidh mise an rud is saoire, cibé áit a bhíonn sé.
Chonaic mise an clár ar RTÉ aréir agus chuala mé an clap trap ó Fhianna Fáil is na Glasaigh le tamall anuas faoi bheith 'unpatriotic' dul ag siopadóireacht i mbaile Éireannach ( an tIúr) atá faoi smacht ag Gallaibh. Aisteach go leor ní raibh na Galasaigh glórach nuair a tugadh isteach crann bhréagach ón Fhrainc seachas crann Éireannach le bheith mar chrann na Nollag i mBaile Átha Cliath dhá seachtain ó shin. Agus b'iontach a chiúine is a bhí siad nuair a bhí Shell (comhlacht eachtrannach barrshaibhir) ag tromaíocht ar phobal Ros Dúmhach. Agus nach raibh Eibhlín Byrne, Ard Mhéara Baile Átha Cliath, ag moladh dúinn ar fad siopáil i mBaile Átha Cliath i mbliana seachas dul áit ar bith eile. 'Show a little patriotism' mhol Eric. Tá sé 'patriotic' a bheith ag bualadh bob ar an ísealaicme leis na blianta agus ansin a bheith ag tabhairt amach go bhfuil siad 'unpatriotic' cionn is go dtéann siad sin ag lorg slad mhargadh ar an Iúr. Is é póca an phobail a shocróidh ceist na siopadóireachta i mbliana beag beann ar chaint John is Conor is Brian, 'tírgráthóirí' páirt aimseartha. Más mian leo a bheith patriotic thig leo fáil réidh leis an teorainn a fhágann go bhfuil muid uilig níos boichte ná mar a ba cheart.
Agus, rud eile, tá daoine a bheadh den tuairim gur droch shampla an Daingean le lua sa phlé seo ón meid ar thárla le Dingle Daingean Uí Chúis agus atá ag titim amach leis an iarracht an Bhéarla a bhrú ar an bpobal scoil sa bhaile Gaeltachta seo.
Agus, rud eile, tá daoine a bheadh den tuairim gur droch shampla an Daingean le lua sa phlé seo ón meid ar thárla le Dingle Daingean Uí Chúis agus atá ag titim amach leis an iarracht an Bhéarla a bhrú ar an bpobal scoil sa bhaile Gaeltachta seo.
Tá sé chomh hÉireannach le baile ar bith eile in Éirinn. Is í Éire ainm an oileáin. Mar sin is baile Éireannach í Iúr Chinn Trá. Tá Finchley sa Bhreatain mar sin is baile nó bruach bhaile Briotanach í. Má theastaíonn ó John Gormley rud eigean a dhéanamh ar son geilleagar na tíre agus a thír ghrá a leiriú, b'fheidir go gcuirfidh an ngéarchéim seo ar a shúile do nach ceist í an criochdheighilt saorga atá déanta ar an tír seo atá teoiriciúil ach atá impléachtaí aige. Anois nuair a chuireann an crioch dheighilt isteach ar an dream a bhí riamh anall ag fumbleáil sa 'greasy till', tá polaiteoirí agus lucht ghnó an daorstáít ag moladh tír ghrá. Is í Éire mo thír - déanfaidh mise mo shiopadóireacht áit ar bith ar oileán na hÉireann a fheileann sé dom.
Meabhraigh dom - an bhfuil Iúr Cinn Trá chomh Éireannach leis an Daingean? Níl sé chomh 'British le Finchley' ach níl sé chomh Éireannach leis an Daingean. Tá cuid den fhírinne ag John Gormley.
Is iontach liom an píosa ag deireadh an ailt seo ag Arthur Cormack, "But it would be very difficult – and maybe not even desirable – to create an all-Gaelic-speaking community. It would almost be a ghetto of some kind. We would prefer Gaelic to be strengthened and normalised across Scotland." Bòrd na Gàidhlig - Foras na Gaeilge faoi ainm eile. B'fhéarr leo forlíonta i nuachtán laethúil Béarla na nuachtán laethúil Gaeilge. Riamh anall b'fhearr lena sinsear, Bord na Gaeilge, cláir Gaeilge ar RTÉ seachas caineál Gaeilge ar leith, Gaeilge a bheith á teagasc in achan scoil Béarla seachas Gaeigle a bheith 'i ngeiteó' dá chuid féin i nGaelscoileanna agus dá réir. Is é an aicíd Cheilteach, déanfaimid leithscéal leis na maithe móra as a bheith ag iarraidh rud dár gcuid féin. Scríobh Franz Fanon leabhar faoinár leithéid, daoine a bhí chomh brúite faoi is nach dtiocfadh leo saoirse a thuiscint a thuilleadh - bhí siad riamh ag smaoineamh gur saor a bheith cosúil le lucht ar leatroime. Is fada an turas atá romhainn.
Comhghairdeas, faoi dhó