
NireBlog I dteangacha eile: ar|ast|br|ca|cy|en|es|eu|gl|oc|pt|pt_br|ru|an|ga|tr|
2008-10-27 » Cothromas nó neodracht. Is é sin rogha ó thuaidh. Agus arís eile tá raic ann cionn is go síleann na húdaráis ó thuaidh, ó iriseoirí go péas, gur gá dá gcuid oibrithe poipín a chaitheamh an t-am seo den bhliain. Is cuma go bhfuil go leor de na hoibrithe sin atá naimhdeach [...]
2008-10-24 » Ni mór cúpla lá chun teacht ar thuiscint go bhfuil deireadh le teacht gan mhoill le Lá Nua agus cur chuige ceart a shocrú don am atá le teacht. Cúpla pointe gur fiú a chíoradh dar liom. 1- Tá an faire do Lá Nua thart, críochnaithe, finito. D’éirigh muid feargach agus frustrach [...]
2008-10-21 » Beidh teacht le chéile do chuid de Ghaeil Bhéal Feirste i bParlús an Ard Mhéara, Tom Hartley, amárach ag am lóin. Cara le pobal Gaelach na cathrach agus leis an Chultúrlann é Tom agus tá dreim le hócáid spleodrach a bheith ann ag an ócáid i bhFoirgneamh Claredon. Taobh leis an [...]
2008-10-21 » Is deas a fheiceáil go mbeidh Maighread & TrionaNí Dhomhnaill ag seinm ar An Droichead, lárionad na Gaeilge i mBéal Feirste Theas, an tSatharn bheag seo, 25 Deireadh Fómhair. Mholfainn do dhuine ar bith a bhfuil faill acu dul a fhad leis nó tá scoth oíche cheoil i ndán. Bhí [...]
2008-10-20 » An bhfuil aon phrionsabal ar chor ar bith ag an UUP? Duine deas é Reg Empey agus dá réir ach cad é an ciall atá leis an chomhaontú toghcháin nua atá acu leis an .....TUV! Seo dream ar dhéistín leo Comhaontú Aoine an Cheasta, roinnt na cumhachta agus dá réir. Drream ar [...]
2008-10-20 » Is maith an rud an bheirt Brian, Cowen is Lenihan, a bheith ar an chos chúl, iad ag tabhairt le fios anois go mbeidh maolú ar a bplean chun cártaí leighis a bhaint de dhaoine thar 70 bliain d’aois. Ní hé nach bhfuil an pobal sna 26 Chontae ar an [...]
2008-10-13 » Ur té bruite seo againn léine nua fhoireann pheile Choláistí na bhFál, is é sin Coláiste Feirste agus Coláiste Chorpus Christi. Seo an chéad bhliain don dá choláiste teacht le chéile chun foireann amháin a bheith acu agus go n-éirí leo. Bhí Ainle Ó Cairealláin, iarmhac léinn ag Coláiste Feirste [...]
2008-10-11 » Dar leis an BBC go raibh tuairm is 400 ar an mhórshiúil d’Acht na Gaeilge i mBéal Feirste inniu. Dar liom féin go raibh míle duine agus breis ann ach ce mise chun argóint leis an BBC! Nach iad a bhain gradaim le linn na dTrioblóidí nuair a d’éirigh leo [...]
2008-10-10 » Tá dhá litir ar an Irish News inniu ag moladh do Ghearóid Mac Adaim ceannasaíocht a léiriú i gcás Choláiste Speirín. Luaítear go sonrach Caitríona Ruane agus Martin Mc Guinness ann. Is maith is eol mo sheasamh faoin cheist seo. Lena hathrá, creidim gur gá aitheantas a fháil do Choláiste [...]
2008-10-08 » Bhí an Cabaret Craiceáilte i dTí Hiúdaí Beag i nGaoth Dobhair ar na mallaibh agus bhí scoth ama acu sin uilig a bhí ann de réir dealraimh. Comharba an Chiorcal Craiceáilte é an Cabaret Craiceáilte agus tá said chun imeachtaí a reachtáil go rialta i dTí Hiúdaí amach anseo. Níl [...]
Déan teagmháil | Maidir Linn | Nireblog Planet
NireBlog
Multilingual Blogs
Cuir tús le do bhlag saor in aisce