
NireBlog I dteangacha eile: ar|ast|br|ca|cy|en|es|eu|gl|oc|pt|pt_br|ru|an|ga|tr|
2008-10-31 » Agus muid ag iarraidh oibriú amach cad é a d’fhéadfadh teacht i gcomharbacht ar Lá Nua bhí mé ag smaoineamh siar inné ar na daoine sin a bhí mar chnámh droma an nuachtáin ar feadh i bhfad. Leithéidí Breandán Ó Mearáin, atá san ospidéal faoi láthair. Agus guimíd biseach air. [...]
2008-10-24 » Tá tuairimí go leor agam faoi Lá Nua agus scéal a himeachta a fógraíodh ar maidin. Ach fad is go bhfuil mé ag plé leis an bhlag seo tá fosta ag obair ag Raidió Fáilte agus tá fiche cúram orm dá bharr. Mar sin fillfidh mé ar an cheist i [...]
2008-10-21 » Briseadh ar Peter Robinson agus a bhuíon ag Clontibret na blianta fada ó shin agus mura mbíonn sé ciallmhar is cúramach gach seans go mbrisfear ar Peter agus a bhuíon arís eile go luath. De réir mar a thuigim níl Peter Robinson ag rá nach nglacfaidh sé le dilárú cumhachtaí póilíneachta. [...]
2008-10-20 » Ní nós liom a bheith ag cur suime san X Factor a bhíonn ag dul ar ITV. Bíodh sin soiléir sula dtosaim ar an bhlag seo. Ach bhí mé ag casadh ó chainéal go cainéal,( sé chinn a bhfuil agam agus beirt acu sin doiléir) nuair a tharla ar ITV mé [...]
2008-10-15 » Don té atá ag iarraidh eolas agus plé faoin taobh Gaelach i mbuiséad an lae inné tá sin agus breis ar http://igaeilge.wordpress.com/ Tá cur síos beacht ag Conchúr O Liatháin ansin ar na moltaí atá ann ó thaobh na Gaeilge de agus na himpleachtaí a eascraíonn as. Fágfaidh mise na rudaí [...]
2008-10-09 » Fuair mé féin agus roinnt eile deascéal ar maidin nó tá mo chéad leabhar, Cathracha, ar an ghearrliosta do Duais an Leabhair Gaeilge ag Gradaim Glen Dimplex. Deantar na duaiseanna seo a reachtáil i gcomhar le hIonad Scríbhneoirí na hÉireann agus ar an iomlán tá duaischiste ar luach E45,000 ar [...]
2008-10-02 » Is fada mé ag tabhairt amach do na péas agus do na húdaráis nach bhfuil mé sásta comhoibriú leo cionn is nach bhfuil siad sásta seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge. Ach ní bhíonn ag aon rud ach a sheal. Agus tá an seal sin, a bhí fada go [...]
2008-09-24 » ó Lá Nua an lae inniu 'D’fhógair Aire Oideachais an Tuaiscirt, Caitríona Ruane, inné, go raibh iarratas aitheantais ó Choláiste Speirín diúltaithe aici. Dúirt Cathal Ó Donnghaile, Stiúrthóir na scoile lánGhaeilge dara leibhéil ar an gCorr Chríochach i dTír Eoghain, gurbh “olc an cinneadh ar fad’’ a bhí ann, áfach. Tá an [...]
2008-09-23 » Thar rud ar bith eile mholfainn do dhaoine a léann seo dul isteach agus tuairim a nocht. Tá faill agat sin a dhéanamh ar an suíomh seo agus cuirfeadh sé go mór leis an phlé faoi cad a ba cheart a dhéanamh maidir le cás Lá agus Foinse. Sula ndéanaim [...]
2008-09-22 » Dála an scéil bíonn Scoth na Seachtaine ó Raidió na Life á craoladh ar Raidió Fáilte agus a mhalairt, Scoth na Seachtaine ó Raidió Fáilte ar Raidió na Life. Craoltar Scoth na Seachtaine Raidió Fáilte ar Raidió na Life Dé Luain ag 13.30. Déantar Scoth na Seachtaine Raidió na Life a chraoladh [...]
Déan teagmháil | Maidir Linn | Nireblog Planet
NireBlog
Multilingual Blogs
Cuir tús le do bhlag saor in aisce