Logo NireBlog

NireBlog I dteangacha eile: ar|ast|br|ca|cy|en|es|eu|gl|oc|pt|pt_br|ru|an|ga|tr|

Cuir tús le do bhlag saor in aisceBainistigh do Bhlag

Ar dhearmad tú d'fhocal faire?

Clib » Clib: "agus"

Taispeántas sa Chultúrlann

2008-11-03 » Tá taispeántas iontach ag dul sa Chultúrlann faoi láthair. Is é Philip Goss a rinne an taispeántas seo a chur ar fáil agus tá píosaí ann de dhealbhóireacht chré-umha agus de dhair phortaigh mar aon le péintéireacht a rinne Philip. Uaidh féin a d'fhoghlaim Philp an ealaín agus múnlaíonn sé [...]

An Droichead Mór

2008-10-30 » Ní stopann siad. Tá an Droichead ag brú agus ag brostú chun cinn i rith an ama. Tá an scoil agus ionad sóisialta ar Bhóthar Ormeau agus is é an t-aon Ghaelscoil amháin i ndeisceart/oirthear Bhéal Feirste. Osclóidh Scoil an Droichid, dhá sheomra ranga nua ar 3 Samhain chun riar ar [...]

Faugh an Ballagh

2008-10-30 » Gach seans go mbeidh placardaí Gaeilge á n-iompar ag lucht Shinn Féin agus iad ag agoid i mBéal Feirste Dé Domhnaigh agus an UDR/RIR ag mairseáil tríd lár an bhaile ann. Ach an rud nár eol do go leor ná go mbeidh an RIR ag iompar mana as Gaeilge os a [...]

Rabhadh ón Fhoras

2008-10-30 » Litir a seoladh chuig go leor grúpaí Gaelacha thuaidh is theas an tseachtain seo. A chara, Is mian liom a chur in iúl duit go mbeidh toradh an phróisis mheasúnaithe ar iarratas d'eagraíochta ar bhunmhaoiniú 2009 ar fáil i mí na Nollag. An príomhchúis [...]

Bliain go cothrom ó cailleadh Ciarán

2008-10-29 » Tá sé bliain go cothrom inniu ó cailleadh Ciarán Ó hEigeartaigh. As cathair Dhoire do Chiarán agus chuir mé féin is Gearóid Ó Cairealláin aithne air agus muid ag tabhairt faoi bhunú Phreas an Phobail. Ba mhór an cuidiú dúinn é an t-am sin agus bhí sé mar chara againn an [...]

Adams ag tacú le Caoimhín

2008-10-29 » Tá an cás cúirte atá idir láimh ag Caoimhín Mac Giolla Catháin ag dul ar aghaidh i gcúirt Bhéal Feirste inniu arís. Tá Caoimhín ag iarraidh go gcuirfí ar ceal, go ndéanfaí a aisghairm, dlí de chuid na Breataine a choscann usáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh. Tá an dlí [...]

Caoimhín Bréagach ag nochtú na fírinne

2008-10-28 » Bhí picéad ann i mBéal Feirste ar maidin nuair a tosaíodh ag éisteacht cás cúirte le Caoimhín Mac Giolla Catháin, príomhcheoltóir Bréag. Tá Caoimhín ag iarraidh a aisghairm Acht Riartha an Cheartais, Teangacha, 1737, le fada an lá ag cosc úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh. Tá súil as [...]

Cothromas na scéimhle

2008-10-28 » Is iontach mar astá arm Mheiriceá anois ag úsáid cleachtas san Iaráic agus sa Phacastáin a thosaigh na hIosraelaigh agus iad ag sleachtú Palaistínigh. D'ionsaigh trúpaí Mheiriceá tithe ar thaobh Siria den teorainn idir an Iaráic agus Siria an lá faoi dheireadh. Is eol go cinnte gur mharaigh siad ceathrar [...]

Salmond feasa

2008-10-27 » Is é Alex Salmond a bheidh mar phríomhaoí ag na Gradaim Aislinge, duaiseanna a reáchtálann Grúpa Meán Bhéal Feirste gach bliain chun tallann is cumas is díograis phobal Bhéal Feirste a cheiliúradh. Is iontach an sceal é sin agus is amhlaidh is mó an tarraingt do dhaoine ar mhaith leo [...]

Aithne bhlasta

2008-10-27 » Bhí mé istigh sa BBC i mBéal Feirste oíche Aoine seo thart le bheith páirteach i gclár a rinne comóradh ar 10 mbliana den sraith raidió BLAS. Dhá bhliana go leith, trí bliana, a chaith mise ag obair ag BLAS agus is mór a chuir an taithí sin le mo dúil [...]

Déan teagmháil | Maidir Linn | Nireblog Planet
NireBlog Multilingual Blogs