
NireBlog I dteangacha eile: ar|ast|br|ca|cy|en|es|eu|gl|oc|pt|pt_br|ru|an|ga|tr|
2008-11-03 » Le Séamus Mac Seáin Fuair Séamus de Napier bás Dé Sathairn seo chuaigh thart, 1 Samhain san Oispís i mBéal Feirste. Gidh gurbh as oirthear Bhéal Feirste ó dhúchas dó, bhí sé ina chónaí i nDún Phádraig le blianta. Bhí sé pósta le hÁine agus bhí cearthar cloinne acu, Séamus, Rosmháire, Stiophán agus [...]
2008-11-02 » Tháinig mé chuig an agóid ó thuaisceart Bhéal Feirste ar ndóigh agus chuaigh mé thart ar bhun na Seanchille dá bharr. Bhí na sluaite síoraí de dhaoine ag teacht síos Bóthar na Seanchille agus is léir go bhfuil an cheist seo i ndiaidh an pobal aontachtaigh a spreagadh agus a [...]
2008-11-02 » 20 bomaite ó shin bhí mé i measc slua de na mílte duine a ghlac páirte i mórshiúil agóide Shinn Féin i gcoinne mhórshiúil arm na Breataine tríd lár Bhéal Feirste. Bhí mé i láthair fosta leis na céadta duine a ghlac páirte i mórshiúil agóide a reachtáil an [...]
2008-10-31 » Má tá duine ar bith ag iarraidh a fháil amach cén dóigh is fearr chun feachtas toghcháin a reachtáil beidh siad ag breathnú ar fheachtas Obama. Feachtas den chéad scoth. An dóigh ar bhain sé tairbhe as an idirlíon chun airgead a thógáil agus chun oibrithe a mhealladh agus a [...]
2008-10-31 » Den chéad uair bhreathnaigh mé inniu ar an fhíseán ar You Tube a léiríonn cad go díreach a thit amach nuair a chuaigh fear ólta, a raibh gunnán aige,amach ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste i mí Mheithimh seo thart agus bhagair ar bhean a bhí ag tiomáint cairr.http://uk.youtube.com/watch?v=QaMylVczGpk [...]
2008-10-28 » Thagair post ó 'Glórach is Gaelach' d'alt le Ciarán Dunbarr ar Lá Nua ar maidin. Ar na rudaí a mholtar san alt sintá an méid , plean B anois go bhfuil Lá Nua ar an dé deiridh, tá an méid seo a leanas, 1 Comharchumann a bhunú 2. [...]
2008-10-27 » Más mian leat síntiús a thogáil don iris Nós thig leat ceann a cheannach ar-líne anois ag http://www.nosmag.com/ Nó labhair le lucht a dhíolta nó beidh sé á díol go forleathan ag an Oireachtas i gCorcaigh níos deanaí an tseachtain seo. Tá 100 síntiús faighte ag an iris go dtí seo [...]
2008-10-24 » Cósta Uí Catháin atá díreach ar cheann amháin de na cláir iontacha a rinne an Chiste Craoltóireachta ó thuaidh a choimisiniú i mbliana. Tobar, comhlacht léiriúcháin atá lonnaithe sa Chultúrlann i mBéal Feirste a rinne an clár seo a chraolfar san athbhliain. Tá Tobar faoi láthair ag obair ar thogra iontach [...]
2008-10-23 » Tá go leor craoltóirí iontacha ar Raidió Fáilte agus tá a líon ag méadú i rith an ama. Ach is beag duine acu chomh tallannach nó chomh difriúil le Jagimohan Singh Dasila atá i ndiaidh a bheith ag obair linn le cúpla mí. Is as tuaisceart India do Jagimohan agus mar [...]
2008-10-22 » Tá na daoine aosta i ndiaidh pléascadh agus bhí tuairim is 15,000 duine taobh amuigh den Dáil ag agoid inniu. Ba dhona go leor ag Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas go raibh John Moloney ag fáil oiread sin 'stick' inné ach tá siad uilig ag dul a bheith [...]
2008-10-22 » Arsa Gearóid Mac Adaim agus é ag caint ag dá ócáid phoiblí inniu agus in agallamh le Raidió Fáilte, "Tá nuachtán laethúil Gaeilge de dhíth. Ar ndóigh caithfidh sé a bheith inbhuanaithe. Beidh Sinn Féin ag tacú leis na daoine atá ag iarraidh seirbhís a chur ar fáil don phobal Gaelach. [...]
2008-10-22 » Chuir mé agallamh inné ar Thomás Mac Siomóin atá ar ais sa bhaile tamall chun a leabhar is déanaí a lainseáil. Aistriúchán atá ann ar Pedro Páramo, úrscéal de na húrscéaltaí is clúití sa Spainnís, aistriúchán ar úrscéal a scríobh Juan Rulfo. Cré na Cille Mheicsiceó é an leabhar seo mar [...]
2008-10-21 » Bhuail Gearóid Mac Adaim le Gregory Campbell aréir agus rinne an cás dó, arís eile, ar son Acht na Gaeilge. Níorbh éigean an cás a dhéanamh nó tá an argóint caillte ag an DUP fad ó shin faoin cheist seo. Tá a leithéid de reachtaíocht sa Bhreatain Bheag agus in [...]
2008-10-20 » Bhí Deirdre Morrison orthu sin a thugaimid ‘victim of crime’ orthu. Bhí sí i mbun siopa i mBéal Feirste a robáladh ar na mallaibh agus bhagair an robálaí í. De thairbhe gur fhiosraigh siad an cás seo bhí aithne ag an PSNI uirthi. Nuair a fuair na peas tuairisc go [...]
2008-10-17 » Beidh an t-iris Nós ar fáil i bhfoirm clóite roimh an Oireachtas. 1,000 cóip den iris a chuirfear ar fáil agus beidh praghas £3 nó E3.80 ar an eagrán seo. Ní bheidh ábhar nua sa cheann seo ach bailiúchán de na píosa ab fhearr a bhí san iris ó tháinig [...]
2008-10-17 » Cúpla rud faoi thoghchán Mheiriceá ó tharla gur bhreathnaigh mé ar an diospóireacht idir Mc Cain agus Obama an oíche faoi dheireadh. Má bhaineann Obama i gcionn trí seachtaine beidh léiriú againn ar chumhacht an idirlín. Seo fear a bhain tairbhe as an idirlíon ní amháin chun John Mc Cain a [...]
2008-10-15 » Níl aon duais againn le bronnadh ach tá muid ag tabhairt ardán do Chiarán Mac Giolla Bhéin a chuir in airde an 200ú postáil ar an bhlag seo. Má tá cruthanas de dhíth ar a fhiúntaí is a bhíonn blag mar seo don phobal Gaelach tá sé le fáil sa [...]
2008-10-15 » Díbirt Dé le Pádraig Standún Cló Iar-Chonnachta Táille - €12 www.cic.ie Am ar bith a fheicim ainm Phádraig Standúin ar leabhar bím ag dúil leis an leabhar sin a léamh. Nó tá 11 leabhar scríofa anois aige agus ón chéad úrscéal acu, Súil le Breith, go dtí an ceann is déanaí [...]
2008-10-15 » Don té atá ag iarraidh eolas agus plé faoin taobh Gaelach i mbuiséad an lae inné tá sin agus breis ar http://igaeilge.wordpress.com/ Tá cur síos beacht ag Conchúr O Liatháin ansin ar na moltaí atá ann ó thaobh na Gaeilge de agus na himpleachtaí a eascraíonn as. Fágfaidh mise na rudaí [...]
2008-10-14 » Bhí Wind that Shakes the Barley ar an scannán ab fhearr a rinneadh faoi na Trioblóidí dar le Gearóid Ó Cairealláin. Agus é ag caint liom inné dúirt sé gur leag scannán Ken Loach síos an caighdeán do scannán den tsórt agus nár sáraíodh fós ann. “Bhí an t-aisteoireacht thar [...]
Déan teagmháil | Maidir Linn | Nireblog Planet
NireBlog
Multilingual Blogs
