
NireBlog I dteangacha eile: ar|ast|br|ca|cy|en|es|eu|gl|oc|pt|pt_br|ru|an|ga|tr|
2008-11-03 » Faoi dheireadh thiar thall tá an BBC i ndiaidh a thuiscint go raibh gné eile 'don fháiltiú' a cuireadh roimh 'na buachaillí' inné seachas na daoine deasa ag bualadh bos. Bhí siad sin ann cinnte, na mílte mílte duine acu, ach fosta bhí slua nach beag de dhilseoirí a bhí [...]
2008-10-29 » Tá sé bliain go cothrom inniu ó cailleadh Ciarán Ó hEigeartaigh. As cathair Dhoire do Chiarán agus chuir mé féin is Gearóid Ó Cairealláin aithne air agus muid ag tabhairt faoi bhunú Phreas an Phobail. Ba mhór an cuidiú dúinn é an t-am sin agus bhí sé mar chara againn an [...]
2008-10-28 » Bhí picéad ann i mBéal Feirste ar maidin nuair a tosaíodh ag éisteacht cás cúirte le Caoimhín Mac Giolla Catháin, príomhcheoltóir Bréag. Tá Caoimhín ag iarraidh a aisghairm Acht Riartha an Cheartais, Teangacha, 1737, le fada an lá ag cosc úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh. Tá súil as [...]
2008-10-14 » ‘Scrín na sceimhle’ a thugann an DUP agus aontachtaithe eile ar an phlean chun bloc sa Cheis Fhada a choinneáil mar chuid de phlean chun staid a thógáil ar shuíomh na Ceise Fada. De réir dealraimh tá Gregory Campbell, a sheasfaidh an fhóid i gcoinne Acht na Gaeilge, chun an [...]
2008-10-14 » http://www.bbc.co.uk/complaints/complaints_stage1.shtml Tuigtear dom go bhfuil go leor daoine i ndiaidh gearán a dhéanamh leis an BBC faoin tuairisc a rinne siad ar a suíomh idirlín nuachta maidir le mórshiúil Acht na Gaeilge agus a meas go raibh 400-500 duine i láthair ann. Is féidir gearán a dhéanamh ach dul chuig an [...]
2008-10-12 » Dé Sathairn11ú Deireadh Fómhair, ghlac 4,000 duine idir óg agus aosta páirt i mórshiúl POBALi lár Bhéal Feirste ar son Acht na Gaeilge TÉ. Roghnaíodh an dáta seo ar 3 chúis: tá sé bliain iomlán ó d’fhógair Edwin Poots nach raibh sé de rún aige Acht na Gaeilge a reachtú; [...]
2008-10-11 » Dar leis an BBC go raibh tuairm is 400 ar an mhórshiúil d’Acht na Gaeilge i mBéal Feirste inniu. Dar liom féin go raibh míle duine agus breis ann ach ce mise chun argóint leis an BBC! Nach iad a bhain gradaim le linn na dTrioblóidí nuair a d’éirigh leo [...]
2008-10-09 » Sliocht an lae ó Talkback ar BBC Raidió Uladh an lá faoi dheireadh agus iad ag plé ceist na Gaeilge agus go háirithe cad chuige nach mbeadh comharthaí Gaeilge leis an fhocal Fáilte ar imeall bailte sa tuaisceart ' English was good enough for Jesus so it's good enough for [...]
2008-09-29 » Bhí an Roinn DCAL ó thuaidh, roinn a bhí agus ata faoi stiúir an DUP, ag moladh níos luaithe i mbliana go mbeadh seirbhís raidió i nGaeilge ag an BBC sa tuaisceart. Tá seirbhís ag an BBC sa teanga dúchais sa Bhreatain Bheag agus in Albain ach is é seo [...]
2008-09-19 » Tá stáisiún raidió millteanach tábhachtach do phobal teanga i gcathair mhór. Bíonn an pobal sin scaipthe agus b’fhéidir nach bhfuil sé readúil bheith ag dreim leo teacht le chéile ar bhonn rialta. Is amhlaidh is tábhachtaí mar sin stáisiún raidió agus nuachtán agus rogha imeachtaí sóisialta srl chun pobal a [...]
2008-08-26 » Goideadh dá rothar de chuid mo chailínchara i mBéal Feirste díreach le bliain anuas. Bhí na rothair glasáilte agus fágtha taobh amuigh d’óstan an Europa. Goideadh ceann amháin acu ó chuaille sa tsráid ar thaobh an Bhus Arais den óstan. Bhí an dara rothar ceangailte le cuaille lom díreach os [...]
Déan teagmháil | Maidir Linn | Nireblog Planet
NireBlog
Multilingual Blogs
