
NireBlog I dteangacha eile: ar|ast|br|ca|cy|en|es|eu|gl|oc|pt|pt_br|ru|an|ga|tr|
2008-10-30 » Gach seans go mbeidh placardaí Gaeilge á n-iompar ag lucht Shinn Féin agus iad ag agoid i mBéal Feirste Dé Domhnaigh agus an UDR/RIR ag mairseáil tríd lár an bhaile ann. Ach an rud nár eol do go leor ná go mbeidh an RIR ag iompar mana as Gaeilge os a [...]
2008-10-29 » Tá an cás cúirte atá idir láimh ag Caoimhín Mac Giolla Catháin ag dul ar aghaidh i gcúirt Bhéal Feirste inniu arís. Tá Caoimhín ag iarraidh go gcuirfí ar ceal, go ndéanfaí a aisghairm, dlí de chuid na Breataine a choscann usáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh. Tá an dlí [...]
2008-10-27 » Más mian leat síntiús a thogáil don iris Nós thig leat ceann a cheannach ar-líne anois ag http://www.nosmag.com/ Nó labhair le lucht a dhíolta nó beidh sé á díol go forleathan ag an Oireachtas i gCorcaigh níos deanaí an tseachtain seo. Tá 100 síntiús faighte ag an iris go dtí seo [...]
2008-10-22 » Arsa Gearóid Mac Adaim agus é ag caint ag dá ócáid phoiblí inniu agus in agallamh le Raidió Fáilte, "Tá nuachtán laethúil Gaeilge de dhíth. Ar ndóigh caithfidh sé a bheith inbhuanaithe. Beidh Sinn Féin ag tacú leis na daoine atá ag iarraidh seirbhís a chur ar fáil don phobal Gaelach. [...]
2008-10-21 » Thug mé iarraidh dul isteach ar shuíomh nua Comhar. http://www.comhar-iris.ie/ Ach níl rud ar bith ann ach 'hostbasket' i mBéarla, i bhFraincis agus san Ollanais. Cad é go díreach atá ag titim amach le Comhar?
2008-10-21 » Beidh teacht le chéile do chuid de Ghaeil Bhéal Feirste i bParlús an Ard Mhéara, Tom Hartley, amárach ag am lóin. Cara le pobal Gaelach na cathrach agus leis an Chultúrlann é Tom agus tá dreim le hócáid spleodrach a bheith ann ag an ócáid i bhFoirgneamh Claredon. Taobh leis an [...]
2008-10-20 » An bhfuil aon phrionsabal ar chor ar bith ag an UUP? Duine deas é Reg Empey agus dá réir ach cad é an ciall atá leis an chomhaontú toghcháin nua atá acu leis an .....TUV! Seo dream ar dhéistín leo Comhaontú Aoine an Cheasta, roinnt na cumhachta agus dá réir. Drream ar [...]
2008-10-15 » Don té atá ag iarraidh eolas agus plé faoin taobh Gaelach i mbuiséad an lae inné tá sin agus breis ar http://igaeilge.wordpress.com/ Tá cur síos beacht ag Conchúr O Liatháin ansin ar na moltaí atá ann ó thaobh na Gaeilge de agus na himpleachtaí a eascraíonn as. Fágfaidh mise na rudaí [...]
2008-10-02 » Ní díol iontais ar bith agam go bhfuil Conchúr O Liatháin, iareagarthóir ar Lá, ag carnadh leis na duaiseanna agus é ar ais anois i gCúl Aodha. An oíche faoi dheireadh sciob Conchúr leis an duais sa chomórtas blagála ag Duaiseanna Liteartha an Oireachtais. Ní gá ach spleachadh gasta ar [...]
2008-08-29 » Táthar chun athruithe ollmhóra a dhéanamh ar an chóras Gaeloideachais ó thuaidh, sin más fíor do thuarascáil de chuid na Roinne Oideachais sa tuaisceart, tuarascáil a sceitheadh leis an Irish News an tseachtain seo. Tá sé molta ann gur cheart, amach anseo, Gaelscoileanna nua a bhunú [...]
2008-07-31 » Focal beag breise faoi na hAmbasadóirí Oga a bhí ar chuairt againn ar na mallaibh. Tá a bpictiúr ann áit eile sa bhlag seo. Luaigh mé gur cuidiú ó Ionad Naomh Pádraig i nDún Pádraig a chuidigh leo teacht ar chuairt go hEirinn. Is fíor sin ach chomh maith leis sin fuair siad [...]
Déan teagmháil | Maidir Linn | Nireblog Planet
NireBlog
Multilingual Blogs
