
NireBlog I dteangacha eile: ar|ast|br|ca|cy|en|es|eu|gl|oc|pt|pt_br|ru|an|ga|tr|
2008-11-03 » Faoi dheireadh thiar thall tá an BBC i ndiaidh a thuiscint go raibh gné eile 'don fháiltiú' a cuireadh roimh 'na buachaillí' inné seachas na daoine deasa ag bualadh bos. Bhí siad sin ann cinnte, na mílte mílte duine acu, ach fosta bhí slua nach beag de dhilseoirí a bhí [...]
2008-10-29 » Shocraigh Roinn Cosanta na Breataine, faoi bhrú nó ar chomhairle na nAontachtaithe, 'coat trailing exercise' a dhéanamh de mhórshiúil arm na Breataine tríd lár Bhéal Feirste Dé Domhnaigh. Thig le hAontachtaithe agus le cléir Protastúnach seinm ó seo go Lá Sheoin Dic nach bhfuil ar intinn ag lucht eagraithe na [...]
2008-10-28 » Is iontach mar astá arm Mheiriceá anois ag úsáid cleachtas san Iaráic agus sa Phacastáin a thosaigh na hIosraelaigh agus iad ag sleachtú Palaistínigh. D'ionsaigh trúpaí Mheiriceá tithe ar thaobh Siria den teorainn idir an Iaráic agus Siria an lá faoi dheireadh. Is eol go cinnte gur mharaigh siad ceathrar [...]
2008-10-27 » Cothromas nó neodracht. Is é sin rogha ó thuaidh. Agus arís eile tá raic ann cionn is go síleann na húdaráis ó thuaidh, ó iriseoirí go péas, gur gá dá gcuid oibrithe poipín a chaitheamh an t-am seo den bhliain. Is cuma go bhfuil go leor de na hoibrithe sin atá naimhdeach [...]
2008-10-24 » Scéal céad leathanaigh Lá Nua na maidine seo Agus cinneadh déanta ag Foras na Gaeilge gan nuachtán laethúil a mhaoiniú a thuilleadh tiocfaidh deireadh le Lá Nua roimh an Nollaig. Tá socraithe ag Grúpa Meán Bhéal Feirste, máthairchomhlacht Lá Nua gan cur isteach ar an chonradh do nuachtán laethúil Gaeilge atá fógartah [...]
2008-10-23 » Dé Máirt bhí dílseoirí ag cur in iúl go ndéanfadh an agóid i mBéal Feirste, atá Sinn Féin chun tionol in aghaidh trúupaí an RIR ar a dteacht ar ais ón Iaráic/Afganastáin, go ndéanfadh sin dochar do chaidreamh pobail agus go gcuirfeadh sé le teannas. Thiocfadh dul siar agus labhairt [...]
2008-10-21 » Briseadh ar Peter Robinson agus a bhuíon ag Clontibret na blianta fada ó shin agus mura mbíonn sé ciallmhar is cúramach gach seans go mbrisfear ar Peter agus a bhuíon arís eile go luath. De réir mar a thuigim níl Peter Robinson ag rá nach nglacfaidh sé le dilárú cumhachtaí póilíneachta. [...]
2008-10-20 » An bhfuil aon phrionsabal ar chor ar bith ag an UUP? Duine deas é Reg Empey agus dá réir ach cad é an ciall atá leis an chomhaontú toghcháin nua atá acu leis an .....TUV! Seo dream ar dhéistín leo Comhaontú Aoine an Cheasta, roinnt na cumhachta agus dá réir. Drream ar [...]
2008-10-20 » Is maith an rud an bheirt Brian, Cowen is Lenihan, a bheith ar an chos chúl, iad ag tabhairt le fios anois go mbeidh maolú ar a bplean chun cártaí leighis a bhaint de dhaoine thar 70 bliain d’aois. Ní hé nach bhfuil an pobal sna 26 Chontae ar an [...]
2008-10-06 » Bhí mé páirteach i ndíospóireacht ar Raidió na Life inné le Cathal Mac Coille agus Neasa, Neasa Ní Cinnéide, ní bhfuair mé an t-ainm i gceart b’fhéidir, agus bhí Aine Ní Chiaráin mar láithreoir ann. Rinneadh plé go leor faoi Lá Nua agus ar mhaith olc nó dona cinneadh an [...]
2008-10-02 » Ní díol iontais ar bith agam go bhfuil Conchúr O Liatháin, iareagarthóir ar Lá, ag carnadh leis na duaiseanna agus é ar ais anois i gCúl Aodha. An oíche faoi dheireadh sciob Conchúr leis an duais sa chomórtas blagála ag Duaiseanna Liteartha an Oireachtais. Ní gá ach spleachadh gasta ar [...]
2008-08-29 » Táthar chun athruithe ollmhóra a dhéanamh ar an chóras Gaeloideachais ó thuaidh, sin más fíor do thuarascáil de chuid na Roinne Oideachais sa tuaisceart, tuarascáil a sceitheadh leis an Irish News an tseachtain seo. Tá sé molta ann gur cheart, amach anseo, Gaelscoileanna nua a bhunú [...]
2008-08-06 » Mo bhuíochas le gach duine a sheol ríomhphost chuig an bhlag seo chun tuairim a nochtadh faoi mholadh Sheáin Ui Chuirreáin go mba cheart idirdhealú dearfach a thionscnamh sa státseirbhís ó dheas chun cur le líon na nGaeilgeoiri ansin, córas den saghas a mhol Patten don PSNI chun níos mó [...]
Déan teagmháil | Maidir Linn | Nireblog Planet
NireBlog
Multilingual Blogs
