
NireBlog I dteangacha eile: ar|ast|br|ca|cy|en|es|eu|gl|oc|pt|pt_br|ru|an|ga|tr|
2008-11-03 » Tá taispeántas iontach ag dul sa Chultúrlann faoi láthair. Is é Philip Goss a rinne an taispeántas seo a chur ar fáil agus tá píosaí ann de dhealbhóireacht chré-umha agus de dhair phortaigh mar aon le péintéireacht a rinne Philip. Uaidh féin a d'fhoghlaim Philp an ealaín agus múnlaíonn sé [...]
2008-10-29 » Tá scannal ag baint le Jonathan Ross - agus ní hé amháin an 'jóc' suarach a d'imir sé féin is Russell Brand ar Andrew Sachs. Tá Jonathan Ross ar chonradh trí bliana ar luach £18m. Sea, £18m. Dá mbeadh baincéir nó ceannasaí ar chomhlacht ola ar an tuarastal sin bheadh daoine [...]
2008-10-29 » Shocraigh Roinn Cosanta na Breataine, faoi bhrú nó ar chomhairle na nAontachtaithe, 'coat trailing exercise' a dhéanamh de mhórshiúil arm na Breataine tríd lár Bhéal Feirste Dé Domhnaigh. Thig le hAontachtaithe agus le cléir Protastúnach seinm ó seo go Lá Sheoin Dic nach bhfuil ar intinn ag lucht eagraithe na [...]
2008-10-28 » Thagair post ó 'Glórach is Gaelach' d'alt le Ciarán Dunbarr ar Lá Nua ar maidin. Ar na rudaí a mholtar san alt sintá an méid , plean B anois go bhfuil Lá Nua ar an dé deiridh, tá an méid seo a leanas, 1 Comharchumann a bhunú 2. [...]
2008-10-27 » Más mian leat síntiús a thogáil don iris Nós thig leat ceann a cheannach ar-líne anois ag http://www.nosmag.com/ Nó labhair le lucht a dhíolta nó beidh sé á díol go forleathan ag an Oireachtas i gCorcaigh níos deanaí an tseachtain seo. Tá 100 síntiús faighte ag an iris go dtí seo [...]
2008-10-22 » Arsa Gearóid Mac Adaim agus é ag caint ag dá ócáid phoiblí inniu agus in agallamh le Raidió Fáilte, "Tá nuachtán laethúil Gaeilge de dhíth. Ar ndóigh caithfidh sé a bheith inbhuanaithe. Beidh Sinn Féin ag tacú leis na daoine atá ag iarraidh seirbhís a chur ar fáil don phobal Gaelach. [...]
2008-10-20 » Cá bhfuil Caitríona? Tá cúrsaí ag scoil Movilla, mar a bhfuil stailc ag cur isteach ar oideachas páistí le seachtain anois, ina scannal. Agus caithfidh an tAire Oideachais gníomhú. Fiú mura bhfuil ann ach go rachadh Caitríona síos go Movilla, bualadh leis an dá thaobh agus ansin seasamh taobh amuigh den [...]
2008-10-02 » Is fada mé ag tabhairt amach do na péas agus do na húdaráis nach bhfuil mé sásta comhoibriú leo cionn is nach bhfuil siad sásta seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge. Ach ní bhíonn ag aon rud ach a sheal. Agus tá an seal sin, a bhí fada go [...]
2008-09-30 » Chuala scaifte de 100 duine, a bheag nó a mhór, Tom Hartley, Ard Mhéara Bhéal Feirste ag moladh anocht go mba cheart go mbeadh Raidió Fáilte 107fm ar fáil ar na haerthonnta fud na Sé Chontae ar fad seachas díreach i mBéal Feirste. Rinne an tArd Mhéara Hartley suíomh [...]
2008-09-29 » Tá mé i ndiaidh filleadh o bheith i láthair ag seoladh suíomh idirlín nua DRD, an Roinn Iompair ó thuaidh. Tá 11 dteanga ar an suíomh úr, an Ghaeilge san áireamh. Janet Muller ó Janet a rinne an suíomh a lainseáil mar aon le Patrick Yu (An Comhairle Eitneach ó [...]
2008-09-24 » ó Lá Nua an lae inniu 'D’fhógair Aire Oideachais an Tuaiscirt, Caitríona Ruane, inné, go raibh iarratas aitheantais ó Choláiste Speirín diúltaithe aici. Dúirt Cathal Ó Donnghaile, Stiúrthóir na scoile lánGhaeilge dara leibhéil ar an gCorr Chríochach i dTír Eoghain, gurbh “olc an cinneadh ar fad’’ a bhí ann, áfach. Tá an [...]
2008-09-23 » Thar rud ar bith eile mholfainn do dhaoine a léann seo dul isteach agus tuairim a nocht. Tá faill agat sin a dhéanamh ar an suíomh seo agus cuirfeadh sé go mór leis an phlé faoi cad a ba cheart a dhéanamh maidir le cás Lá agus Foinse. Sula ndéanaim [...]
2008-09-17 » Is annamh a bhím ar aon intinn le Fintan O Toole ach d’aontaigh mé le gach uile focal den alt a scríobh sé ar an Irish Times Dé Máirt na seachtain seo faoi chúrsaí Ros Dumhach. Is maith liom smaoineamh go bhfuil luí agam le polaitíocht ghlas, glas i dteamaí [...]
2008-09-04 » Tá Peter Robinson buartha agus thar a bheith buartha faoi Chomhairle an Airm den IRA agus cé acu an mbíonn siad ag bualadh le chéile a mhinice agus a bhí. Cad é mar a chruthaíonn tú go bhfuil nó nach bhfuil nuair is eagraíocht rúnda atá i gceist atá iomlán [...]
2008-08-25 » Bhí seanchara le lucht na Cultúrlainne agus lucht na Gaeilge ar ais i mBéal Feirste ar na mallaibh. Feadh na 1990í bhí Máirtín O Fainin ar dhuine den fhoireann a bhí ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha anseo agus iad ag iarraidh cuidiú le tógáil agus le forbairt an phróiseis síochána. [...]
2008-08-04 » Sceith na focail conspóideacha sin ó bheal Sheáin Uí Chuirreáin aréir agus é ag caint ag cruinniú a d’eagraigh an scathghrúpa POBAL i mBéal Feirste. ‘Idirdhealú dearfach!’ Cluinim iriseoirí an 'Indo' is an 'Sunday Trib' ag breith gréim cheana fein ar a bhfoclóir seancaite, 'Superlatives to be used when confronted [...]
2008-07-27 » Ba cheart do Shinn Féin, ba cheart don SDLP, ba cheart do gach Gael, agus do gach duine ar mhór leo oideachas Gaelach sna Sé Chontae, ba cheart do gach uile mac máthara acu tacú le Coláiste Speirín. Agus sin a dhéanamh go glórach. Ba chóir an scoil a mholadh chun [...]
2008-07-17 » Bhí oíche den chéad scoth ann sa Halla Cois Cuain I mBéal Feirste ar na mallaibh nuair a tháinig sciar nach beag de mhaithe mhóra na cathrach, (agus cuid den chosmhuintir chomh maith!) tháinig siad le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh I gcuideachta Ard Mhéara nua Bhéal [...]
Déan teagmháil | Maidir Linn | Nireblog Planet
NireBlog
Multilingual Blogs
