
NireBlog I dteangacha eile: ar|ast|br|ca|cy|en|es|eu|gl|oc|pt|pt_br|ru|an|ga|tr|
2008-11-02 » 20 bomaite ó shin bhí mé i measc slua de na mílte duine a ghlac páirte i mórshiúil agóide Shinn Féin i gcoinne mhórshiúil arm na Breataine tríd lár Bhéal Feirste. Bhí mé i láthair fosta leis na céadta duine a ghlac páirte i mórshiúil agóide a reachtáil an [...]
2008-10-27 » Más mian leat síntiús a thogáil don iris Nós thig leat ceann a cheannach ar-líne anois ag http://www.nosmag.com/ Nó labhair le lucht a dhíolta nó beidh sé á díol go forleathan ag an Oireachtas i gCorcaigh níos deanaí an tseachtain seo. Tá 100 síntiús faighte ag an iris go dtí seo [...]
2008-10-27 » Bhí mé istigh sa BBC i mBéal Feirste oíche Aoine seo thart le bheith páirteach i gclár a rinne comóradh ar 10 mbliana den sraith raidió BLAS. Dhá bhliana go leith, trí bliana, a chaith mise ag obair ag BLAS agus is mór a chuir an taithí sin le mo dúil [...]
2008-10-21 » Briseadh ar Peter Robinson agus a bhuíon ag Clontibret na blianta fada ó shin agus mura mbíonn sé ciallmhar is cúramach gach seans go mbrisfear ar Peter agus a bhuíon arís eile go luath. De réir mar a thuigim níl Peter Robinson ag rá nach nglacfaidh sé le dilárú cumhachtaí póilíneachta. [...]
2008-10-20 » Bhí Deirdre Morrison orthu sin a thugaimid ‘victim of crime’ orthu. Bhí sí i mbun siopa i mBéal Feirste a robáladh ar na mallaibh agus bhagair an robálaí í. De thairbhe gur fhiosraigh siad an cás seo bhí aithne ag an PSNI uirthi. Nuair a fuair na peas tuairisc go [...]
2008-10-16 » De réir tuairiscithe ag deireadh seachtaine thacaigh an PUP le cur i gcrích na ngeallúintí a tugadh ag Cill Rimhinn, Acht na Gaeilge san áireamh. Suimiúil go maith go bhfuiol tacaíocht ag teacht ón treo sin. Ach ar ndóigh bhí leithéidí David Ervine is Gusty Spence riamh sásta maíomh as [...]
2008-10-14 » Tá an coiste a bhunaigh rialtas na Breataine chun breathnú ar cheisteanna athmhuintearas agus fírinne ó thuaidh chun a dtuarascáil a fhoilsiú ag tús mhí na Nollag de réir mar a chulintear dom. Pléfidh an tuarascáil maruithe sna Trioblóidí agus na hargointí ar son, nó i gcoinne, Coimisiúin na Firinne [...]
2008-10-10 » Tá dhá litir ar an Irish News inniu ag moladh do Ghearóid Mac Adaim ceannasaíocht a léiriú i gcás Choláiste Speirín. Luaítear go sonrach Caitríona Ruane agus Martin Mc Guinness ann. Is maith is eol mo sheasamh faoin cheist seo. Lena hathrá, creidim gur gá aitheantas a fháil do Choláiste [...]
2008-10-06 » 'Ag Foscailt Doirse', is é sin an t-ainm atá ar clár nua tacaíochta do thuismitheoirí nach bhfuil an Ghaeilge acu ach ar mhaith leo tacú lena bpáistí an Ghaeilge a shealbhú. Tá an clár le seoladh go hoifigiúil an mhí seo chugainn ar Oileán Íle na Alba. D'fhorbair [...]
2008-09-23 » Arsa ceannasaí an Fhorais, Ferdie Mac an Fháiligh, ‘Léiríonn an díolachán atá ag an pháipéar,(Lá) nach bhfuil an margadh sách mór.’ Anois ní fíor sin ar chor ar bith. Tá margadh ann do nuachtán laethúil Gaeilge anois mar a bhí ann riamh. Níor bhain Lá amach ach cuid bheag den [...]
2008-09-19 » Tá stáisiún raidió millteanach tábhachtach do phobal teanga i gcathair mhór. Bíonn an pobal sin scaipthe agus b’fhéidir nach bhfuil sé readúil bheith ag dreim leo teacht le chéile ar bhonn rialta. Is amhlaidh is tábhachtaí mar sin stáisiún raidió agus nuachtán agus rogha imeachtaí sóisialta srl chun pobal a [...]
2008-09-17 » Is annamh a bhím ar aon intinn le Fintan O Toole ach d’aontaigh mé le gach uile focal den alt a scríobh sé ar an Irish Times Dé Máirt na seachtain seo faoi chúrsaí Ros Dumhach. Is maith liom smaoineamh go bhfuil luí agam le polaitíocht ghlas, glas i dteamaí [...]
2008-09-16 » 'The famine is over why don't you go home.' Ba é sin a bhí tacaithe le Rangers ag seinm le linn cluichí an chlub anuraidh. Agus níór cuireadh stop leis. Oiread is gur chuir duine ar bith stop le 'Up to our necks in Fenian Blood' a bhíodh á seinm [...]
2008-09-04 » Mhothaigh cuid agaibh is dócha nach mbíonn mé ag scríobh ar an bhlag seo gach uile lá. Ní hé nach bhfuil fonn orm ná ganntanas ábhair is cúis leis sin ach díreach tá mé ag cur dlaoi mullaigh ar thráchtas agus ní thig liom gan iomlán mo chuid ama a [...]
2008-08-29 » Táthar chun athruithe ollmhóra a dhéanamh ar an chóras Gaeloideachais ó thuaidh, sin más fíor do thuarascáil de chuid na Roinne Oideachais sa tuaisceart, tuarascáil a sceitheadh leis an Irish News an tseachtain seo. Tá sé molta ann gur cheart, amach anseo, Gaelscoileanna nua a bhunú [...]
2008-08-26 » Goideadh dá rothar de chuid mo chailínchara i mBéal Feirste díreach le bliain anuas. Bhí na rothair glasáilte agus fágtha taobh amuigh d’óstan an Europa. Goideadh ceann amháin acu ó chuaille sa tsráid ar thaobh an Bhus Arais den óstan. Bhí an dara rothar ceangailte le cuaille lom díreach os [...]
2008-08-21 » Le fada fada an la bhí an Oráisteachas agus Bóthar na bhFál fite fuaite le chéile. Agus cá fios nach bhfuil sé amhlaidh go fóill an lá inniu, ar chúl téarmaí. Bhíodh teampaill Protastúnacha fud ceantar na bhFál agus go leor Protastúnaigh ina gcónaí ann. Agus ar ndóigh cuireadh [...]
2008-08-20 » Tá mé ag éisteacht le Jimmy Murphy ansin ag tuairisciú beo ar RTE Raidió a hAon ar throid Darren Sutherland. Tá Sutherland, ón Uaimh Contae na Mí, díreach i ndiaidh baint agus baint gan mórán stró de réir dealraimh. Tá mé ag éisteacht le Darren anois agus é díreach ag [...]
2008-08-06 » Mo bhuíochas le gach duine a sheol ríomhphost chuig an bhlag seo chun tuairim a nochtadh faoi mholadh Sheáin Ui Chuirreáin go mba cheart idirdhealú dearfach a thionscnamh sa státseirbhís ó dheas chun cur le líon na nGaeilgeoiri ansin, córas den saghas a mhol Patten don PSNI chun níos mó [...]
2008-08-04 » Agus mé ag fás aníos bhí laethanta ar leith ar fhéilire s’againne nach raibh ar fhéilirí páistí a bhí ina gcónaí taobh amuigh de na Sé Chontae. Bhí an 9 Lúnasa ar cheann de na laethanta sin, lá nuair a lasfaí tine cnámh, nuair a rachfaí chuig léirsiú mhór [...]
Déan teagmháil | Maidir Linn | Nireblog Planet
NireBlog
Multilingual Blogs
