
NireBlog I dteangacha eile: ar|ast|br|ca|cy|en|es|eu|gl|oc|pt|pt_br|ru|an|ga|tr|
2008-11-03 » Tá taispeántas iontach ag dul sa Chultúrlann faoi láthair. Is é Philip Goss a rinne an taispeántas seo a chur ar fáil agus tá píosaí ann de dhealbhóireacht chré-umha agus de dhair phortaigh mar aon le péintéireacht a rinne Philip. Uaidh féin a d'fhoghlaim Philp an ealaín agus múnlaíonn sé [...]
2008-11-02 » Dar leis an BBC inniu go raibh 30,000 duine amuigh ar shráideanna Bhéal Feirste ag fáiltiú ar ais trúpaí na Breataine i ndiaidh dóibh a bheith san Afganastáin. Gach seans go raibh. Orthu sin a bhí ann bhí Jackie Mc Donald agus a bhuíon UDA. An UVF agus a buíon s'acu. Go [...]
2008-11-02 » 20 bomaite ó shin bhí mé i measc slua de na mílte duine a ghlac páirte i mórshiúil agóide Shinn Féin i gcoinne mhórshiúil arm na Breataine tríd lár Bhéal Feirste. Bhí mé i láthair fosta leis na céadta duine a ghlac páirte i mórshiúil agóide a reachtáil an [...]
2008-10-31 » Tá Oireachtas Chorcaí faoi lán seoil anois agus mé in éad leo sin a bheith cois Laoi an deireadh seachtaine seo. Cloistear dom go bhfuil mo shean chara Arailt Mac Giolla Chainnigh faoin láthair agus b'fhéidir go gcuirfidh duine éigin in iúl dom scairt orm nó ba bhreá liom labhairt [...]
2008-10-31 » Má tá duine ar bith ag iarraidh a fháil amach cén dóigh is fearr chun feachtas toghcháin a reachtáil beidh siad ag breathnú ar fheachtas Obama. Feachtas den chéad scoth. An dóigh ar bhain sé tairbhe as an idirlíon chun airgead a thógáil agus chun oibrithe a mhealladh agus a [...]
2008-10-30 » B'fhéidir gur leor nód don eolach. Seo scéal ó cheann de na páipéirí fadbhunaithe sna Stáit Aontaithe, páipéar a bhfuil clú agus cáil air. Bunaíodh an Monitor 100 bliain ó shin, ar an mhí seo chugainn, agus tá seacht duais Pulitzer bainte aige. 'The Christian Science Monitor plans major changes in [...]
2008-10-30 » Ní stopann siad. Tá an Droichead ag brú agus ag brostú chun cinn i rith an ama. Tá an scoil agus ionad sóisialta ar Bhóthar Ormeau agus is é an t-aon Ghaelscoil amháin i ndeisceart/oirthear Bhéal Feirste. Osclóidh Scoil an Droichid, dhá sheomra ranga nua ar 3 Samhain chun riar ar [...]
2008-10-29 » Tá an cás cúirte atá idir láimh ag Caoimhín Mac Giolla Catháin ag dul ar aghaidh i gcúirt Bhéal Feirste inniu arís. Tá Caoimhín ag iarraidh go gcuirfí ar ceal, go ndéanfaí a aisghairm, dlí de chuid na Breataine a choscann usáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh. Tá an dlí [...]
2008-10-27 » Bhí mé istigh sa BBC i mBéal Feirste oíche Aoine seo thart le bheith páirteach i gclár a rinne comóradh ar 10 mbliana den sraith raidió BLAS. Dhá bhliana go leith, trí bliana, a chaith mise ag obair ag BLAS agus is mór a chuir an taithí sin le mo dúil [...]
2008-10-24 » Ni mór cúpla lá chun teacht ar thuiscint go bhfuil deireadh le teacht gan mhoill le Lá Nua agus cur chuige ceart a shocrú don am atá le teacht. Cúpla pointe gur fiú a chíoradh dar liom. 1- Tá an faire do Lá Nua thart, críochnaithe, finito. D’éirigh muid feargach agus frustrach [...]
2008-10-22 » Arsa Gearóid Mac Adaim agus é ag caint ag dá ócáid phoiblí inniu agus in agallamh le Raidió Fáilte, "Tá nuachtán laethúil Gaeilge de dhíth. Ar ndóigh caithfidh sé a bheith inbhuanaithe. Beidh Sinn Féin ag tacú leis na daoine atá ag iarraidh seirbhís a chur ar fáil don phobal Gaelach. [...]
2008-10-21 » Thug mé iarraidh dul isteach ar shuíomh nua Comhar. http://www.comhar-iris.ie/ Ach níl rud ar bith ann ach 'hostbasket' i mBéarla, i bhFraincis agus san Ollanais. Cad é go díreach atá ag titim amach le Comhar?
2008-10-21 » Bhuail Gearóid Mac Adaim le Gregory Campbell aréir agus rinne an cás dó, arís eile, ar son Acht na Gaeilge. Níorbh éigean an cás a dhéanamh nó tá an argóint caillte ag an DUP fad ó shin faoin cheist seo. Tá a leithéid de reachtaíocht sa Bhreatain Bheag agus in [...]
2008-10-20 » Ní nós liom a bheith ag cur suime san X Factor a bhíonn ag dul ar ITV. Bíodh sin soiléir sula dtosaim ar an bhlag seo. Ach bhí mé ag casadh ó chainéal go cainéal,( sé chinn a bhfuil agam agus beirt acu sin doiléir) nuair a tharla ar ITV mé [...]
2008-10-20 » Cá bhfuil Caitríona? Tá cúrsaí ag scoil Movilla, mar a bhfuil stailc ag cur isteach ar oideachas páistí le seachtain anois, ina scannal. Agus caithfidh an tAire Oideachais gníomhú. Fiú mura bhfuil ann ach go rachadh Caitríona síos go Movilla, bualadh leis an dá thaobh agus ansin seasamh taobh amuigh den [...]
2008-10-20 » An bhfuil aon phrionsabal ar chor ar bith ag an UUP? Duine deas é Reg Empey agus dá réir ach cad é an ciall atá leis an chomhaontú toghcháin nua atá acu leis an .....TUV! Seo dream ar dhéistín leo Comhaontú Aoine an Cheasta, roinnt na cumhachta agus dá réir. Drream ar [...]
2008-10-18 » Triúr bhean óg ó na Stáit Aontaithe a thug cuairt orainn sa Chultúlann inniu. Tá siad ag freastal ar ollscoil i nDoire go gcionn raithe agus iad ag foghlaim na Gaeilge, agus ag fáil amach faoi chultúr is béaloideas na hÉireann. Is iontach an líon sin turasóirí is cuairteoirí a [...]
2008-10-15 » Níl aon duais againn le bronnadh ach tá muid ag tabhairt ardán do Chiarán Mac Giolla Bhéin a chuir in airde an 200ú postáil ar an bhlag seo. Má tá cruthanas de dhíth ar a fhiúntaí is a bhíonn blag mar seo don phobal Gaelach tá sé le fáil sa [...]
2008-10-15 » Don té atá ag iarraidh eolas agus plé faoin taobh Gaelach i mbuiséad an lae inné tá sin agus breis ar http://igaeilge.wordpress.com/ Tá cur síos beacht ag Conchúr O Liatháin ansin ar na moltaí atá ann ó thaobh na Gaeilge de agus na himpleachtaí a eascraíonn as. Fágfaidh mise na rudaí [...]
2008-10-14 » http://www.bbc.co.uk/complaints/complaints_stage1.shtml Tuigtear dom go bhfuil go leor daoine i ndiaidh gearán a dhéanamh leis an BBC faoin tuairisc a rinne siad ar a suíomh idirlín nuachta maidir le mórshiúil Acht na Gaeilge agus a meas go raibh 400-500 duine i láthair ann. Is féidir gearán a dhéanamh ach dul chuig an [...]
Déan teagmháil | Maidir Linn | Nireblog Planet
NireBlog
Multilingual Blogs
