
NireBlog I dteangacha eile: ar|ast|br|ca|cy|en|es|eu|gl|oc|pt|pt_br|ru|an|ga|tr|
2008-11-02 » 20 bomaite ó shin bhí mé i measc slua de na mílte duine a ghlac páirte i mórshiúil agóide Shinn Féin i gcoinne mhórshiúil arm na Breataine tríd lár Bhéal Feirste. Bhí mé i láthair fosta leis na céadta duine a ghlac páirte i mórshiúil agóide a reachtáil an [...]
2008-10-31 » Tá Oireachtas Chorcaí faoi lán seoil anois agus mé in éad leo sin a bheith cois Laoi an deireadh seachtaine seo. Cloistear dom go bhfuil mo shean chara Arailt Mac Giolla Chainnigh faoin láthair agus b'fhéidir go gcuirfidh duine éigin in iúl dom scairt orm nó ba bhreá liom labhairt [...]
2008-10-31 » Má tá duine ar bith ag iarraidh a fháil amach cén dóigh is fearr chun feachtas toghcháin a reachtáil beidh siad ag breathnú ar fheachtas Obama. Feachtas den chéad scoth. An dóigh ar bhain sé tairbhe as an idirlíon chun airgead a thógáil agus chun oibrithe a mhealladh agus a [...]
2008-10-29 » Tá sé bliain go cothrom inniu ó cailleadh Ciarán Ó hEigeartaigh. As cathair Dhoire do Chiarán agus chuir mé féin is Gearóid Ó Cairealláin aithne air agus muid ag tabhairt faoi bhunú Phreas an Phobail. Ba mhór an cuidiú dúinn é an t-am sin agus bhí sé mar chara againn an [...]
2008-10-27 » Cothromas nó neodracht. Is é sin rogha ó thuaidh. Agus arís eile tá raic ann cionn is go síleann na húdaráis ó thuaidh, ó iriseoirí go péas, gur gá dá gcuid oibrithe poipín a chaitheamh an t-am seo den bhliain. Is cuma go bhfuil go leor de na hoibrithe sin atá naimhdeach [...]
2008-10-27 » Bhí mé istigh sa BBC i mBéal Feirste oíche Aoine seo thart le bheith páirteach i gclár a rinne comóradh ar 10 mbliana den sraith raidió BLAS. Dhá bhliana go leith, trí bliana, a chaith mise ag obair ag BLAS agus is mór a chuir an taithí sin le mo dúil [...]
2008-10-23 » Dé Máirt bhí dílseoirí ag cur in iúl go ndéanfadh an agóid i mBéal Feirste, atá Sinn Féin chun tionol in aghaidh trúupaí an RIR ar a dteacht ar ais ón Iaráic/Afganastáin, go ndéanfadh sin dochar do chaidreamh pobail agus go gcuirfeadh sé le teannas. Thiocfadh dul siar agus labhairt [...]
2008-10-20 » An bhfuil aon phrionsabal ar chor ar bith ag an UUP? Duine deas é Reg Empey agus dá réir ach cad é an ciall atá leis an chomhaontú toghcháin nua atá acu leis an .....TUV! Seo dream ar dhéistín leo Comhaontú Aoine an Cheasta, roinnt na cumhachta agus dá réir. Drream ar [...]
2008-10-20 » Is maith an rud an bheirt Brian, Cowen is Lenihan, a bheith ar an chos chúl, iad ag tabhairt le fios anois go mbeidh maolú ar a bplean chun cártaí leighis a bhaint de dhaoine thar 70 bliain d’aois. Ní hé nach bhfuil an pobal sna 26 Chontae ar an [...]
2008-10-17 » Bhí muintir Thír Eoghain riamh ina chrann taca ag an Ghaeloideachas dar le Reamaí Mathers ó Iontaobhas na Gaelscolaíochta. Agus tá a chruthanas sin ann arís eile ag Frank Quinn, stiúrthóir ar Rockwell Water, urraithe ar fhoireann bhuacach Thír Eoghain. Tá Frank chun dul i mbun siúlóide tríd lár Uladh [...]
2008-10-14 » ‘Scrín na sceimhle’ a thugann an DUP agus aontachtaithe eile ar an phlean chun bloc sa Cheis Fhada a choinneáil mar chuid de phlean chun staid a thógáil ar shuíomh na Ceise Fada. De réir dealraimh tá Gregory Campbell, a sheasfaidh an fhóid i gcoinne Acht na Gaeilge, chun an [...]
2008-10-12 » Dé Sathairn11ú Deireadh Fómhair, ghlac 4,000 duine idir óg agus aosta páirt i mórshiúl POBALi lár Bhéal Feirste ar son Acht na Gaeilge TÉ. Roghnaíodh an dáta seo ar 3 chúis: tá sé bliain iomlán ó d’fhógair Edwin Poots nach raibh sé de rún aige Acht na Gaeilge a reachtú; [...]
2008-10-10 » Tá dhá litir ar an Irish News inniu ag moladh do Ghearóid Mac Adaim ceannasaíocht a léiriú i gcás Choláiste Speirín. Luaítear go sonrach Caitríona Ruane agus Martin Mc Guinness ann. Is maith is eol mo sheasamh faoin cheist seo. Lena hathrá, creidim gur gá aitheantas a fháil do Choláiste [...]
2008-10-10 » Ní aon iontas é gur chlis ar an chás a thóg an PPS (Seirbhís Ionchúisithe Poiblí) agus an PSNI ó thuaidh i gcoinne Chris Ward. Ní raibh an fhianaise ann olena chiontú ná baol air agus gach seans gur thuig an dá dhream sin nach raibh an fhianaise ann a [...]
2008-10-09 » Fuair mé féin agus roinnt eile deascéal ar maidin nó tá mo chéad leabhar, Cathracha, ar an ghearrliosta do Duais an Leabhair Gaeilge ag Gradaim Glen Dimplex. Deantar na duaiseanna seo a reachtáil i gcomhar le hIonad Scríbhneoirí na hÉireann agus ar an iomlán tá duaischiste ar luach E45,000 ar [...]
2008-10-07 » Tá daoine sa taobh seo tíre arbh é a dtromluí acu é go musclódh siad ar maidin agus go mbeadh comharthaí dátheangacha (nó ilteangacha fiú) in Ollscoil na Ríona, nó ar bhusanna Bhóthar na bhFál nó ar sráideanna i lár na cathrach. Ní aonteangach ach comharthaí a aithníonn ceart gach [...]
2008-10-06 » 'Ag Foscailt Doirse', is é sin an t-ainm atá ar clár nua tacaíochta do thuismitheoirí nach bhfuil an Ghaeilge acu ach ar mhaith leo tacú lena bpáistí an Ghaeilge a shealbhú. Tá an clár le seoladh go hoifigiúil an mhí seo chugainn ar Oileán Íle na Alba. D'fhorbair [...]
2008-10-02 » Ní díol iontais ar bith agam go bhfuil Conchúr O Liatháin, iareagarthóir ar Lá, ag carnadh leis na duaiseanna agus é ar ais anois i gCúl Aodha. An oíche faoi dheireadh sciob Conchúr leis an duais sa chomórtas blagála ag Duaiseanna Liteartha an Oireachtais. Ní gá ach spleachadh gasta ar [...]
2008-09-30 » Chuala scaifte de 100 duine, a bheag nó a mhór, Tom Hartley, Ard Mhéara Bhéal Feirste ag moladh anocht go mba cheart go mbeadh Raidió Fáilte 107fm ar fáil ar na haerthonnta fud na Sé Chontae ar fad seachas díreach i mBéal Feirste. Rinne an tArd Mhéara Hartley suíomh [...]
2008-09-25 » B’iontach liom gur chraol an BBC an clár faoi éalú na Ceise Fada oíche Luain seo thart. Ionadh cionn is gur léiríodh scéal ó na Trioblóidí ar an chlár sin ar bhealach nár mhaith leis an BBC é a bheith á léiriú. Labhair Gerry Kelly, Bik Mc Farlane agus Bobby [...]
Déan teagmháil | Maidir Linn | Nireblog Planet
NireBlog
Multilingual Blogs
