Logo NireBlog

NireBlog I dteangacha eile: ar|ast|br|ca|cy|en|es|eu|gl|oc|pt|pt_br|ru|an|ga|tr|

Cuir tús le do bhlag saor in aisceBainistigh do Bhlag

Ar dhearmad tú d'fhocal faire?

Clib » Blag: "andrumamor" » Clib: "fear"

Máirtín Ó Cadháin - beo beathaí

2008-11-03 » Dála go leor daoine óga eile ó Bhéal Feirste a chuaigh a fhad leis an Oireachtas thit Caoimhe Ní Cathail faoina dhraíocht agus í ag freastal ar a céad Oireachtas i gCorcaigh an tseachtain seo thart. Beidh Caoimhe agus Cillian de Búrca le cloisteáil maidin amárach ar Seó na Maidine [...]

Fear uasal ar shlí na Fírinne - Séamus de Naiper

2008-11-03 » Le Séamus Mac Seáin Fuair Séamus de Napier bás Dé Sathairn seo chuaigh thart, 1 Samhain san Oispís i mBéal Feirste. Gidh gurbh as oirthear Bhéal Feirste ó dhúchas dó, bhí sé ina chónaí i nDún Phádraig le blianta. Bhí sé pósta le hÁine agus bhí cearthar cloinne acu, Séamus, Rosmháire, Stiophán agus [...]

'You Tube' Cops

2008-10-31 » Den chéad uair bhreathnaigh mé inniu ar an fhíseán ar You Tube a léiríonn cad go díreach a thit amach nuair a chuaigh fear ólta, a raibh gunnán aige,amach ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste i mí Mheithimh seo thart agus bhagair ar bhean a bhí ag tiomáint cairr.http://uk.youtube.com/watch?v=QaMylVczGpk [...]

Gregory ag iarraidh an teocht a ísliú sa Teach Fuar

2008-10-21 » Bhuail Gearóid Mac Adaim le Gregory Campbell aréir agus rinne an cás dó, arís eile, ar son Acht na Gaeilge. Níorbh éigean an cás a dhéanamh nó tá an argóint caillte ag an DUP fad ó shin faoin cheist seo. Tá a leithéid de reachtaíocht sa Bhreatain Bheag agus in [...]

Giorrann beirt an bóthar - Frank agus Sam ar an ród

2008-10-17 » Bhí muintir Thír Eoghain riamh ina chrann taca ag an Ghaeloideachas dar le Reamaí Mathers ó Iontaobhas na Gaelscolaíochta. Agus tá a chruthanas sin ann arís eile ag Frank Quinn, stiúrthóir ar Rockwell Water, urraithe ar fhoireann bhuacach Thír Eoghain. Tá Frank chun dul i mbun siúlóide tríd lár Uladh [...]

Dibirt Dé - léirmheas

2008-10-15 » Díbirt Dé le Pádraig Standún Cló Iar-Chonnachta Táille - €12 www.cic.ie Am ar bith a fheicim ainm Phádraig Standúin ar leabhar bím ag dúil leis an leabhar sin a léamh. Nó tá 11 leabhar scríofa anois aige agus ón chéad úrscéal acu, Súil le Breith, go dtí an ceann is déanaí [...]

Cé a inseoidh an fhírinne?

2008-10-14 » Tá an coiste a bhunaigh rialtas na Breataine chun breathnú ar cheisteanna athmhuintearas agus fírinne ó thuaidh chun a dtuarascáil a fhoilsiú ag tús mhí na Nollag de réir mar a chulintear dom. Pléfidh an tuarascáil maruithe sna Trioblóidí agus na hargointí ar son, nó i gcoinne, Coimisiúin na Firinne [...]

Litir ó Mheiriceá

2008-10-07 » Seo litir a fuair mé ar na mallaibh ó Mheiriceá. Maith a fear a Damhlaic. A chairde chuir tuairim Jim Allister maidir le bás na teangan alltacht orm. tá sé anois ceithre scór bliain uaidh an uair nó gur tháinig mo mhuintir ar imirce uaidh SAM agus an Ghaelic ar a [...]

Fíréin Cheanada

2008-10-06 » Tamall ó shin rinne mé clár uair agus daichead bomaite faoi na Gaeil i gCeanada, go háirithe Gaeilgeoirí as Bhéal Feirste. Cuid acu, cosúil le Máire Nic Brádaigh, deirfiú leis an Oglach Caoimhín Mac Brádaigh a maraíodh san ionsaí ar Reilig Bhaile an Mhuilinn, bhí Gaeilge ar a dtoil acu [...]

iGaeilge

2008-10-02 » Ní díol iontais ar bith agam go bhfuil Conchúr O Liatháin, iareagarthóir ar Lá, ag carnadh leis na duaiseanna agus é ar ais anois i gCúl Aodha. An oíche faoi dheireadh sciob Conchúr leis an duais sa chomórtas blagála ag Duaiseanna Liteartha an Oireachtais. Ní gá ach spleachadh gasta ar [...]

Cad go díreach a shocraigh an Foras??

2008-09-23 » Tuairisc ó Lá Nua, Luan 22 Meán Fómhair 2008 Thug Foras na Gaeilge le fios tar éis cruinniú bhoird i mBéal Feirste Dé hAoine seo caite go mbeidh deireadh ag teacht lena gcuid tacaíochta do nuachtán laethúil aeilge ó mhí Aibreáin na bliana seo chugainn mar gheall ar nach bhfuil [...]

Is boichte muid gan Nollaig

2008-08-18 » Is doiligh liom a chreidbheal nach mbuailfidh an guthán arís agus mé i lár rud éigin tábhachtach agus nach gcluinfí Nollaig O Gadhra ar an taobh eile den líne ag tabhairt leadhbairt teanga dom cionn is nach ndearna mé gach rud díreach de réir mar a mhol sé dom. Ag [...]

Déan teagmháil | Maidir Linn | Nireblog Planet
NireBlog Multilingual Blogs