
NireBlog I dteangacha eile: ar|ast|br|ca|cy|en|es|eu|gl|oc|pt|pt_br|ru|an|ga|tr|
2008-11-02 » Tháinig mé chuig an agóid ó thuaisceart Bhéal Feirste ar ndóigh agus chuaigh mé thart ar bhun na Seanchille dá bharr. Bhí na sluaite síoraí de dhaoine ag teacht síos Bóthar na Seanchille agus is léir go bhfuil an cheist seo i ndiaidh an pobal aontachtaigh a spreagadh agus a [...]
2008-10-31 » Tá Oireachtas Chorcaí faoi lán seoil anois agus mé in éad leo sin a bheith cois Laoi an deireadh seachtaine seo. Cloistear dom go bhfuil mo shean chara Arailt Mac Giolla Chainnigh faoin láthair agus b'fhéidir go gcuirfidh duine éigin in iúl dom scairt orm nó ba bhreá liom labhairt [...]
2008-10-16 » De réir tuairiscithe ag deireadh seachtaine thacaigh an PUP le cur i gcrích na ngeallúintí a tugadh ag Cill Rimhinn, Acht na Gaeilge san áireamh. Suimiúil go maith go bhfuiol tacaíocht ag teacht ón treo sin. Ach ar ndóigh bhí leithéidí David Ervine is Gusty Spence riamh sásta maíomh as [...]
2008-10-15 » Bhí mé ar shiúl i bPáras an t-am a cailleadh Gearailt Mac Eoin agus ba dhona liom scéal a bháis a chloisteáil inniu díreach. Fear iontach eirmiúil, cumasach, cliste a ba é Gearailt agus fear a thaitin liom ar an bheagán aithne a bhí agam air. Ar feadh roinnt blianta [...]
2008-10-14 » Tá an coiste a bhunaigh rialtas na Breataine chun breathnú ar cheisteanna athmhuintearas agus fírinne ó thuaidh chun a dtuarascáil a fhoilsiú ag tús mhí na Nollag de réir mar a chulintear dom. Pléfidh an tuarascáil maruithe sna Trioblóidí agus na hargointí ar son, nó i gcoinne, Coimisiúin na Firinne [...]
2008-10-08 » Níl ach beagán focal ann. Níl aon cheol ann. Is i gcillíní sna H-Blocanna a caitheann na carachtair formhór a gcuid ama. San ábhar a roghnaigh sé is sa dóigh a phléigh sé leis tá Steve Mc Queen ag snámh in aghaidh easa – agus sin ar ardluas. Ach réab Mc [...]
2008-10-06 » Bhí mé páirteach i ndíospóireacht ar Raidió na Life inné le Cathal Mac Coille agus Neasa, Neasa Ní Cinnéide, ní bhfuair mé an t-ainm i gceart b’fhéidir, agus bhí Aine Ní Chiaráin mar láithreoir ann. Rinneadh plé go leor faoi Lá Nua agus ar mhaith olc nó dona cinneadh an [...]
2008-09-17 » Cibé acu deascéal nó drochscéal a bheidh ag imreoirí Thír Eoghain ag Páirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh beidh feisire Westminster Thír Eoghain, Martin Mc Guinness ar ais sa chontae maidin Dé Luain agus deascéal á fhógairt aige. Ag am nuair atá bancanna ag dul faoi agus gach duine sprionlaí go maith [...]
2008-09-01 » Shíl mé ón tús gurb í Hillary Clinton a ba cheart a bheith ina iarrthóir do na Daonlathaigh am an toghcháin. Shíl mé gur láidre an t-iarrthóir í ná Barak ar go leor cúiseanna, bean a bhfuil fadtaithí aici ar chúrsaí na polaitíochta ag gach leibhéal agus atá , oiread [...]
2008-08-25 » An UVF? An UDA? An bhfuil a fhios ag an DUP go bhfuil ann dóibh? Shílfeá nach raibh. Tá an DUP fós ar neamhaird gach rud is gach duine eile ach Sinn Féin agus Comhairle Airm an IRA (nach eol é a bheith ann nó gan a bheith ann fiú!) [...]
2008-08-25 » Bhí seanchara le lucht na Cultúrlainne agus lucht na Gaeilge ar ais i mBéal Feirste ar na mallaibh. Feadh na 1990í bhí Máirtín O Fainin ar dhuine den fhoireann a bhí ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha anseo agus iad ag iarraidh cuidiú le tógáil agus le forbairt an phróiseis síochána. [...]
2008-08-20 » Tá mé ag éisteacht le Jimmy Murphy ansin ag tuairisciú beo ar RTE Raidió a hAon ar throid Darren Sutherland. Tá Sutherland, ón Uaimh Contae na Mí, díreach i ndiaidh baint agus baint gan mórán stró de réir dealraimh. Tá mé ag éisteacht le Darren anois agus é díreach ag [...]
2008-08-13 » Tá na meáin agus go leor eile ag cur suime sa taispeántas/díolachán de shaothar ealaíona le Bob Dylan atá ag dul ar aghaidh ag Dánlann Bradbury i mBéal Feirste i láthair na huaire. Cibé faoi chaighdeán na bpictiúir is seift iontach pictiúr a cheannach nó gan amhras dá laghad beidh [...]
2008-08-11 » Fiú agus mé in Albain ar an chúrsa seo ag Sabhal Mór Ostaig ní thig liom gan scríobh faoi na rudaí iontacha atá ar bun ag daoine áirithe. Thig le hathbheochan tarlúint ar fiche dóigh ach is dócha gur amhlaidh is bríomhaire agus gur amhlaidh is forasaí an t-athbheochan a [...]
2008-08-06 » Bhí Aonghus agus duine no beirt eile agaibh ag fiosrú faoin chaint a thug an Frau Hufenus aréir agus an mbeadh teacht air. Beidh, ar ball beag. Rinneamar an chaint a thaifead do Raidió Fáilte agus beidh sé á craoladh ar an raidió againn ar an tseachtain seo chugainn. Cuirfidh [...]
Déan teagmháil | Maidir Linn | Nireblog Planet
NireBlog
Multilingual Blogs
