Logo NireBlog

NireBlog I dteangacha eile: ar|ast|br|ca|cy|en|es|eu|gl|oc|pt|pt_br|ru|an|ga|tr|

Cuir tús le do bhlag saor in aisceBainistigh do Bhlag

Ar dhearmad tú d'fhocal faire?

Clib » Blag: "andrumamor" » Clib: "lena"

Dea-scéal ó Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh

2008-11-03 » Is iomaí scoil a bhfuil clú agus iomrá orthu as feabhas an léinn a chuireann siad ar fáil. Orthu sin tá Bunscoil an tSléibhe Dhuibh i mBéal Feirste. Ar na mallaibh rinne cigirí ón Roinn Oideachais scrúdú ar an scoil. Agus bhí siad thar a bheith sásta lena bhfuair siad [...]

'Like being at Windsor Park'

2008-11-03 » Faoi dheireadh thiar thall tá an BBC i ndiaidh a thuiscint go raibh gné eile 'don fháiltiú' a cuireadh roimh 'na buachaillí' inné seachas na daoine deasa ag bualadh bos. Bhí siad sin ann cinnte, na mílte mílte duine acu, ach fosta bhí slua nach beag de dhilseoirí a bhí [...]

Caoimhín Bréagach ag nochtú na fírinne

2008-10-28 » Bhí picéad ann i mBéal Feirste ar maidin nuair a tosaíodh ag éisteacht cás cúirte le Caoimhín Mac Giolla Catháin, príomhcheoltóir Bréag. Tá Caoimhín ag iarraidh a aisghairm Acht Riartha an Cheartais, Teangacha, 1737, le fada an lá ag cosc úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh. Tá súil as [...]

'Is fada an turas ó Fiji go Páirc an Chrócaigh'

2008-10-28 » Rinne Máirtín Ó Muilleoir tagairt shuimiúil inné ar a bhlag, http://apublishersblog.blogspot.com/ ar chumhacht You Tube agus a macasamhail. Ar ndóigh is fíor dó agus luaigh sé é go háirithe i gcomhthéacs an Phoblachtanais. Is cinnte nach dtuigimid fós a chumacht nó na féidearthachaí don am atá le teacht. Ach tá [...]

Salmond feasa

2008-10-27 » Is é Alex Salmond a bheidh mar phríomhaoí ag na Gradaim Aislinge, duaiseanna a reáchtálann Grúpa Meán Bhéal Feirste gach bliain chun tallann is cumas is díograis phobal Bhéal Feirste a cheiliúradh. Is iontach an sceal é sin agus is amhlaidh is mó an tarraingt do dhaoine ar mhaith leo [...]

Lá Nua ar Lár - ní go fóill - an ráiteas ó Lá féin

2008-10-24 » Scéal céad leathanaigh Lá Nua na maidine seo Agus cinneadh déanta ag Foras na Gaeilge gan nuachtán laethúil a mhaoiniú a thuilleadh tiocfaidh deireadh le Lá Nua roimh an Nollaig. Tá socraithe ag Grúpa Meán Bhéal Feirste, máthairchomhlacht Lá Nua gan cur isteach ar an chonradh do nuachtán laethúil Gaeilge atá fógartah [...]

Teanga idirnáisiúnta an cheoil

2008-10-23 » Tá go leor craoltóirí iontacha ar Raidió Fáilte agus tá a líon ag méadú i rith an ama. Ach is beag duine acu chomh tallannach nó chomh difriúil le Jagimohan Singh Dasila atá i ndiaidh a bheith ag obair linn le cúpla mí. Is as tuaisceart India do Jagimohan agus mar [...]

Barak Obama - Rí an Idirlín

2008-10-17 » Cúpla rud faoi thoghchán Mheiriceá ó tharla gur bhreathnaigh mé ar an diospóireacht idir Mc Cain agus Obama an oíche faoi dheireadh. Má bhaineann Obama i gcionn trí seachtaine beidh léiriú againn ar chumhacht an idirlín. Seo fear a bhain tairbhe as an idirlíon ní amháin chun John Mc Cain a [...]

Bheidís molta dá mbeinn i mo thost

2008-10-15 » Níl aon duais againn le bronnadh ach tá muid ag tabhairt ardán do Chiarán Mac Giolla Bhéin a chuir in airde an 200ú postáil ar an bhlag seo. Má tá cruthanas de dhíth ar a fhiúntaí is a bhíonn blag mar seo don phobal Gaelach tá sé le fáil sa [...]

Túr Cohen agus Philip Cummings

2008-10-13 » An tseachtain seo thart luaigh mé píosa a bhí ar BLAS maidir le Leonard Cohen agus a chara, Philip Cummings, file. Seo thíos focail an dáin a luaígh mé roimhe seo, iad curtha ar fáil ag Philip féin. Seo an dán más maith leat é -- ach ní mór é a [...]

Domhan de Frinse

2008-10-08 » Ealaíntóir le háireamh é Liam de Frinse a bhfuil taispeántas dá saothar ag dul ar aghaidh i mBéal Feirste faoi láthair mar chuid de Fhéile Bhéal Feirste nó Féile Ollscoil na Ríona mar a ba ghnáth a thabhairt air. Bhí mé istigh chuig danlann James Wray & Co i Sráid [...]

Gaelach agus glórach

2008-10-07 » Tá daoine sa taobh seo tíre arbh é a dtromluí acu é go musclódh siad ar maidin agus go mbeadh comharthaí dátheangacha (nó ilteangacha fiú) in Ollscoil na Ríona, nó ar bhusanna Bhóthar na bhFál nó ar sráideanna i lár na cathrach. Ní aonteangach ach comharthaí a aithníonn ceart gach [...]

Ag oscailt doirsí

2008-10-06 » 'Ag Foscailt Doirse', is é sin an t-ainm atá ar clár nua tacaíochta do thuismitheoirí nach bhfuil an Ghaeilge acu ach ar mhaith leo tacú lena bpáistí an Ghaeilge a shealbhú. Tá an clár le seoladh go hoifigiúil an mhí seo chugainn ar Oileán Íle na Alba. D'fhorbair [...]

Cad go díreach a shocraigh an Foras??

2008-09-23 » Tuairisc ó Lá Nua, Luan 22 Meán Fómhair 2008 Thug Foras na Gaeilge le fios tar éis cruinniú bhoird i mBéal Feirste Dé hAoine seo caite go mbeidh deireadh ag teacht lena gcuid tacaíochta do nuachtán laethúil aeilge ó mhí Aibreáin na bliana seo chugainn mar gheall ar nach bhfuil [...]

Breithlá sona! Raidió na Life

2008-09-19 » Tá stáisiún raidió millteanach tábhachtach do phobal teanga i gcathair mhór. Bíonn an pobal sin scaipthe agus b’fhéidir nach bhfuil sé readúil bheith ag dreim leo teacht le chéile ar bhonn rialta. Is amhlaidh is tábhachtaí mar sin stáisiún raidió agus nuachtán agus rogha imeachtaí sóisialta srl chun pobal a [...]

Ar nós cuma liomachas

2008-09-04 » Tá Peter Robinson buartha agus thar a bheith buartha faoi Chomhairle an Airm den IRA agus cé acu an mbíonn siad ag bualadh le chéile a mhinice agus a bhí. Cad é mar a chruthaíonn tú go bhfuil nó nach bhfuil nuair is eagraíocht rúnda atá i gceist atá iomlán [...]

Nollaig O Gadhra

2008-08-14 » Fear uasal a ba é Nollaig agus is iomaí uair a dúirt mé leis gurb é sin mo bhreithiúnas air. Fear thar a bheith eirmiúil a bhí ann agus in ainneoin nach raibh muid i gcónaí ar aon intinn b'aoibhinn liom i gcónaí agallamh a dhéanamh leis do Lá, do [...]

Ag seasamh an fhóid - Gluaiseacht na gCearta Sibhialta

2008-07-29 » Le tamall anuas táthar ag tabhairt chun cuimhne eachtraí 1968 sa tuaisceart agus an ról a bhí ag gluaiseacht na gCearta Sibhialta anseo sna himeachtaí sin. Tá caint go leor faoi thionchar na Fraince agus a raibh ag titim amach ansin ar an ghluaiseacht sa tuaisceart. Ach mar is nós rinneadh neamhairde, [...]

Sarah Conlon - bean mhisniúil

2008-07-21 » Bean mhisniúil a ba í Sarah Conlon. Chuir mé agallamh uirthi i bhfad siar, díreach ag tús na 1980í i ndiaidh do Guiseppe bás a fháil. Is maith is cuimhin liom teacht amach as an teach s’aici ag bun Sráid Albert agus fiche mothú éagsúl mo reabadh as a [...]

Déan teagmháil | Maidir Linn | Nireblog Planet
NireBlog Multilingual Blogs