Logo NireBlog

NireBlog I dteangacha eile: ar|ast|br|ca|cy|en|es|eu|gl|oc|pt|pt_br|ru|an|ga|tr|

Cuir tús le do bhlag saor in aisceBainistigh do Bhlag

Ar dhearmad tú d'fhocal faire?

Clib » Blag: "andrumamor" » Clib: "linn"

Máirtín Ó Cadháin - beo beathaí

2008-11-03 » Dála go leor daoine óga eile ó Bhéal Feirste a chuaigh a fhad leis an Oireachtas thit Caoimhe Ní Cathail faoina dhraíocht agus í ag freastal ar a céad Oireachtas i gCorcaigh an tseachtain seo thart. Beidh Caoimhe agus Cillian de Búrca le cloisteáil maidin amárach ar Seó na Maidine [...]

Teanga idirnáisiúnta an cheoil

2008-10-23 » Tá go leor craoltóirí iontacha ar Raidió Fáilte agus tá a líon ag méadú i rith an ama. Ach is beag duine acu chomh tallannach nó chomh difriúil le Jagimohan Singh Dasila atá i ndiaidh a bheith ag obair linn le cúpla mí. Is as tuaisceart India do Jagimohan agus mar [...]

Barak Obama - Rí an Idirlín

2008-10-17 » Cúpla rud faoi thoghchán Mheiriceá ó tharla gur bhreathnaigh mé ar an diospóireacht idir Mc Cain agus Obama an oíche faoi dheireadh. Má bhaineann Obama i gcionn trí seachtaine beidh léiriú againn ar chumhacht an idirlín. Seo fear a bhain tairbhe as an idirlíon ní amháin chun John Mc Cain a [...]

MAKING HISTORY

2008-10-11 » Dar leis an BBC go raibh tuairm is 400 ar an mhórshiúil d’Acht na Gaeilge i mBéal Feirste inniu. Dar liom féin go raibh míle duine agus breis ann ach ce mise chun argóint leis an BBC! Nach iad a bhain gradaim le linn na dTrioblóidí nuair a d’éirigh leo [...]

Mórshiúil an Sathairn - Bígí Ann!!!!

2008-10-09 » Dé Sathairn bheag seo beidh faill ag Gaeilgeoirí sa tuaisceart, i gcuideachta lenár gcairde ó gach cearn den tír, ár bhfreagra a thabhairt do Gregory Campbell agus don dream sin ar dheistín leo ligean dúinne, pobal na Gaeilge, páirt iomlán ar fad a bheith againn sa stát seo o thuaidh. [...]

Lá Nua - níl a port seinnte fós

2008-10-06 » Bhí mé páirteach i ndíospóireacht ar Raidió na Life inné le Cathal Mac Coille agus Neasa, Neasa Ní Cinnéide, ní bhfuair mé an t-ainm i gceart b’fhéidir, agus bhí Aine Ní Chiaráin mar láithreoir ann. Rinneadh plé go leor faoi Lá Nua agus ar mhaith olc nó dona cinneadh an [...]

Seán agus Sinéad Saoránach - fooled again

2008-09-30 » Scairt agam aréir ó George W Bush. Bhí sé ag iarraidh fáil amach cén phraghas a ghearrfainn air as mo chuid fiacha a cheannacht uaim! Agus an dóigh a bhfuil cúrsaí ag dul le margadh na dtithe gach seans go mbeidh George W ina tiarna talaimh agam amach anseo! Ach ag [...]

Seicteachas in Albain

2008-09-16 » 'The famine is over why don't you go home.' Ba é sin a bhí tacaithe le Rangers ag seinm le linn cluichí an chlub anuraidh. Agus níór cuireadh stop leis. Oiread is gur chuir duine ar bith stop le 'Up to our necks in Fenian Blood' a bhíodh á seinm [...]

Triúr bhan misniúil

2008-08-06 » Luaigh mé cheana féin ar an bhlag seo na heachtaí a rinne Clára Ní Ghiolla, Bleáchliathach atá ag cur fuithi i mBéal Feirste agus atá mar chrann taca ag lucht na Gaeilge sa chathair. Bronnadh Gradam ar Chlára le linn Fhéile an Phobail i mBéal Feirste Thiar an lá [...]

An lasóg sa bharrach?

2008-08-04 » Sceith na focail conspóideacha sin ó bheal Sheáin Uí Chuirreáin aréir agus é ag caint ag cruinniú a d’eagraigh an scathghrúpa POBAL i mBéal Feirste. ‘Idirdhealú dearfach!’ Cluinim iriseoirí an 'Indo' is an 'Sunday Trib' ag breith gréim cheana fein ar a bhfoclóir seancaite, 'Superlatives to be used when confronted [...]

Slán le hAisling, aló Raidió na Life agus Gael Taca

2008-07-31 » Mo bhuíochas le gach duine a bhí i dteagmháil liom ó thosaigh an blag seo, tá tamall beag ó shin anois. Monuar, níor oibrigh mé amach cuid de na háiseanna ar an chóras seo go fóill ach ar ball beag beidh me i dteagmháil libh uilig le mo bhuíochas a chur [...]

Ambasadóirí óga

2008-07-29 » Seo cuid de na mic léinn as Meiriceá atá ar chuairt againn faoi láthair. Tá gach duine acu ag cur suime i ngné áirithe de shaol na Gaeilge agus iad ag foghlaim roinnt Gaeilge le linn dóibh a bheith anseo. Tá siad in Eirnn le cuidiú ón scéim 'Young Ambassadors', scéim de [...]

Ag seasamh an fhóid - Gluaiseacht na gCearta Sibhialta

2008-07-29 » Le tamall anuas táthar ag tabhairt chun cuimhne eachtraí 1968 sa tuaisceart agus an ról a bhí ag gluaiseacht na gCearta Sibhialta anseo sna himeachtaí sin. Tá caint go leor faoi thionchar na Fraince agus a raibh ag titim amach ansin ar an ghluaiseacht sa tuaisceart. Ach mar is nós rinneadh neamhairde, [...]

Déan teagmháil | Maidir Linn | Nireblog Planet
NireBlog Multilingual Blogs