Logo NireBlog

NireBlog I dteangacha eile: ar|ast|br|ca|cy|en|es|eu|gl|oc|pt|pt_br|ru|an|ga|tr|

Cuir tús le do bhlag saor in aisceBainistigh do Bhlag

Ar dhearmad tú d'fhocal faire?

Clib » Blag: "andrumamor" » Clib: "lucht"

An ghá agóid a bheith ann Dé Domhnaigh?

2008-10-29 » Shocraigh Roinn Cosanta na Breataine, faoi bhrú nó ar chomhairle na nAontachtaithe, 'coat trailing exercise' a dhéanamh de mhórshiúil arm na Breataine tríd lár Bhéal Feirste Dé Domhnaigh. Thig le hAontachtaithe agus le cléir Protastúnach seinm ó seo go Lá Sheoin Dic nach bhfuil ar intinn ag lucht eagraithe na [...]

'Is fada an turas ó Fiji go Páirc an Chrócaigh'

2008-10-28 » Rinne Máirtín Ó Muilleoir tagairt shuimiúil inné ar a bhlag, http://apublishersblog.blogspot.com/ ar chumhacht You Tube agus a macasamhail. Ar ndóigh is fíor dó agus luaigh sé é go háirithe i gcomhthéacs an Phoblachtanais. Is cinnte nach dtuigimid fós a chumacht nó na féidearthachaí don am atá le teacht. Ach tá [...]

Cá bhfuil Caitríona?

2008-10-20 » Cá bhfuil Caitríona? Tá cúrsaí ag scoil Movilla, mar a bhfuil stailc ag cur isteach ar oideachas páistí le seachtain anois, ina scannal. Agus caithfidh an tAire Oideachais gníomhú. Fiú mura bhfuil ann ach go rachadh Caitríona síos go Movilla, bualadh leis an dá thaobh agus ansin seasamh taobh amuigh den [...]

Páirtí le díol

2008-10-20 » An bhfuil aon phrionsabal ar chor ar bith ag an UUP? Duine deas é Reg Empey agus dá réir ach cad é an ciall atá leis an chomhaontú toghcháin nua atá acu leis an .....TUV! Seo dream ar dhéistín leo Comhaontú Aoine an Cheasta, roinnt na cumhachta agus dá réir. Drream ar [...]

Mórshiúil an Sathairn - Bígí Ann!!!!

2008-10-09 » Dé Sathairn bheag seo beidh faill ag Gaeilgeoirí sa tuaisceart, i gcuideachta lenár gcairde ó gach cearn den tír, ár bhfreagra a thabhairt do Gregory Campbell agus don dream sin ar dheistín leo ligean dúinne, pobal na Gaeilge, páirt iomlán ar fad a bheith againn sa stát seo o thuaidh. [...]

Domhan de Frinse

2008-10-08 » Ealaíntóir le háireamh é Liam de Frinse a bhfuil taispeántas dá saothar ag dul ar aghaidh i mBéal Feirste faoi láthair mar chuid de Fhéile Bhéal Feirste nó Féile Ollscoil na Ríona mar a ba ghnáth a thabhairt air. Bhí mé istigh chuig danlann James Wray & Co i Sráid [...]

G agus Gaelach

2008-09-29 » Bhí tóir agus an-tóir ar an G-Spota agus é ag dul ar aghaidh le tamall i mBéal Feirste, i gCumann Chluain Ard. Faill eile don Ghael - G-lach dul ag spraoi i mBéal Feirste. Tá sos sna himeachtaí faoi láthair agus ní féidir a fháil amach cé acu go mbeidh [...]

Seicteachas in Albain

2008-09-16 » 'The famine is over why don't you go home.' Ba é sin a bhí tacaithe le Rangers ag seinm le linn cluichí an chlub anuraidh. Agus níór cuireadh stop leis. Oiread is gur chuir duine ar bith stop le 'Up to our necks in Fenian Blood' a bhíodh á seinm [...]

Sarah Palin ag bualadh na tairní le gach buille

2008-09-01 » Shíl mé ón tús gurb í Hillary Clinton a ba cheart a bheith ina iarrthóir do na Daonlathaigh am an toghcháin. Shíl mé gur láidre an t-iarrthóir í ná Barak ar go leor cúiseanna, bean a bhfuil fadtaithí aici ar chúrsaí na polaitíochta ag gach leibhéal agus atá , oiread [...]

Is boichte muid gan Nollaig

2008-08-18 » Is doiligh liom a chreidbheal nach mbuailfidh an guthán arís agus mé i lár rud éigin tábhachtach agus nach gcluinfí Nollaig O Gadhra ar an taobh eile den líne ag tabhairt leadhbairt teanga dom cionn is nach ndearna mé gach rud díreach de réir mar a mhol sé dom. Ag [...]

Carn Tóchair i dtús cadhnaíochta

2008-08-11 » Fiú agus mé in Albain ar an chúrsa seo ag Sabhal Mór Ostaig ní thig liom gan scríobh faoi na rudaí iontacha atá ar bun ag daoine áirithe. Thig le hathbheochan tarlúint ar fiche dóigh ach is dócha gur amhlaidh is bríomhaire agus gur amhlaidh is forasaí an t-athbheochan a [...]

Triúr bhan misniúil

2008-08-06 » Luaigh mé cheana féin ar an bhlag seo na heachtaí a rinne Clára Ní Ghiolla, Bleáchliathach atá ag cur fuithi i mBéal Feirste agus atá mar chrann taca ag lucht na Gaeilge sa chathair. Bronnadh Gradam ar Chlára le linn Fhéile an Phobail i mBéal Feirste Thiar an lá [...]

Tá seans tuillte ag Gaelcholáiste Speirín

2008-07-27 » Ba cheart do Shinn Féin, ba cheart don SDLP, ba cheart do gach Gael, agus do gach duine ar mhór leo oideachas Gaelach sna Sé Chontae, ba cheart do gach uile mac máthara acu tacú le Coláiste Speirín. Agus sin a dhéanamh go glórach. Ba chóir an scoil a mholadh chun [...]

Cathair do chách

2008-07-17 » Bhí oíche den chéad scoth ann sa Halla Cois Cuain I mBéal Feirste ar na mallaibh nuair a tháinig sciar nach beag de mhaithe mhóra na cathrach, (agus cuid den chosmhuintir chomh maith!) tháinig siad le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh I gcuideachta Ard Mhéara nua Bhéal [...]

Tá fís againn

2008-07-17 » Tá mana clúiteach Martin Luther King 'Tá fís agam' agus pictiúr den laoch féin ar phostaer atá curtha amach ag lucht tacaíochta Ghaelscoil i gCo Thír Eoghain, an t-aon scoil amháin sna Sé Chontae atá gan aitheantas gan deontas. Agus tá Gaeil Bhéal Feirste chomh tógtha sin faoi na heachtaí atá [...]

Déan teagmháil | Maidir Linn | Nireblog Planet
NireBlog Multilingual Blogs