
NireBlog I dteangacha eile: ar|ast|br|ca|cy|en|es|eu|gl|oc|pt|pt_br|ru|an|ga|tr|
2008-10-31 » Tá Oireachtas Chorcaí faoi lán seoil anois agus mé in éad leo sin a bheith cois Laoi an deireadh seachtaine seo. Cloistear dom go bhfuil mo shean chara Arailt Mac Giolla Chainnigh faoin láthair agus b'fhéidir go gcuirfidh duine éigin in iúl dom scairt orm nó ba bhreá liom labhairt [...]
2008-10-29 » Tá an cás cúirte atá idir láimh ag Caoimhín Mac Giolla Catháin ag dul ar aghaidh i gcúirt Bhéal Feirste inniu arís. Tá Caoimhín ag iarraidh go gcuirfí ar ceal, go ndéanfaí a aisghairm, dlí de chuid na Breataine a choscann usáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh. Tá an dlí [...]
2008-10-27 » Cothromas nó neodracht. Is é sin rogha ó thuaidh. Agus arís eile tá raic ann cionn is go síleann na húdaráis ó thuaidh, ó iriseoirí go péas, gur gá dá gcuid oibrithe poipín a chaitheamh an t-am seo den bhliain. Is cuma go bhfuil go leor de na hoibrithe sin atá naimhdeach [...]
2008-10-23 » Tá go leor craoltóirí iontacha ar Raidió Fáilte agus tá a líon ag méadú i rith an ama. Ach is beag duine acu chomh tallannach nó chomh difriúil le Jagimohan Singh Dasila atá i ndiaidh a bheith ag obair linn le cúpla mí. Is as tuaisceart India do Jagimohan agus mar [...]
2008-10-15 » Bhí mé ar shiúl i bPáras an t-am a cailleadh Gearailt Mac Eoin agus ba dhona liom scéal a bháis a chloisteáil inniu díreach. Fear iontach eirmiúil, cumasach, cliste a ba é Gearailt agus fear a thaitin liom ar an bheagán aithne a bhí agam air. Ar feadh roinnt blianta [...]
2008-10-12 » Rinneadh an doiciméid faoi athbhreithniú na Gaelscolaíochta ó thuaidh a lainseáil ag Leabharlann an Lín Halla maidin Dé Sathairn agus bhí slua nach beag i láthair ann. Doiciméad le háireamh é, atá mór i méid agus tábhachtach agus roinnt rudaí istigh ann a bhfuil conspóid ag baint leo. Mar sin [...]
2008-10-12 » Dé Sathairn11ú Deireadh Fómhair, ghlac 4,000 duine idir óg agus aosta páirt i mórshiúl POBALi lár Bhéal Feirste ar son Acht na Gaeilge TÉ. Roghnaíodh an dáta seo ar 3 chúis: tá sé bliain iomlán ó d’fhógair Edwin Poots nach raibh sé de rún aige Acht na Gaeilge a reachtú; [...]
2008-10-11 » Dar leis an BBC go raibh tuairm is 400 ar an mhórshiúil d’Acht na Gaeilge i mBéal Feirste inniu. Dar liom féin go raibh míle duine agus breis ann ach ce mise chun argóint leis an BBC! Nach iad a bhain gradaim le linn na dTrioblóidí nuair a d’éirigh leo [...]
2008-09-30 » Dé Máirt seo thart bhí Peter Robinson agus Nigel Dodds chun comhráiteas a dhéanamh ag cur in iúl go raibh siad ag obair le chéile chun an leamhsháinn sa phróiseas síochána a réiteach agus go raibh siad cinnte de go ndéanfaí é a réiteach ar ball. Níor tharla an comhráiteas [...]
2008-09-24 » ó Lá Nua an lae inniu 'D’fhógair Aire Oideachais an Tuaiscirt, Caitríona Ruane, inné, go raibh iarratas aitheantais ó Choláiste Speirín diúltaithe aici. Dúirt Cathal Ó Donnghaile, Stiúrthóir na scoile lánGhaeilge dara leibhéil ar an gCorr Chríochach i dTír Eoghain, gurbh “olc an cinneadh ar fad’’ a bhí ann, áfach. Tá an [...]
2008-09-22 » Dála an scéil bíonn Scoth na Seachtaine ó Raidió na Life á craoladh ar Raidió Fáilte agus a mhalairt, Scoth na Seachtaine ó Raidió Fáilte ar Raidió na Life. Craoltar Scoth na Seachtaine Raidió Fáilte ar Raidió na Life Dé Luain ag 13.30. Déantar Scoth na Seachtaine Raidió na Life a chraoladh [...]
2008-09-16 » 'The famine is over why don't you go home.' Ba é sin a bhí tacaithe le Rangers ag seinm le linn cluichí an chlub anuraidh. Agus níór cuireadh stop leis. Oiread is gur chuir duine ar bith stop le 'Up to our necks in Fenian Blood' a bhíodh á seinm [...]
2008-08-29 » Táthar chun athruithe ollmhóra a dhéanamh ar an chóras Gaeloideachais ó thuaidh, sin más fíor do thuarascáil de chuid na Roinne Oideachais sa tuaisceart, tuarascáil a sceitheadh leis an Irish News an tseachtain seo. Tá sé molta ann gur cheart, amach anseo, Gaelscoileanna nua a bhunú [...]
2008-08-25 » Bhí seanchara le lucht na Cultúrlainne agus lucht na Gaeilge ar ais i mBéal Feirste ar na mallaibh. Feadh na 1990í bhí Máirtín O Fainin ar dhuine den fhoireann a bhí ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha anseo agus iad ag iarraidh cuidiú le tógáil agus le forbairt an phróiseis síochána. [...]
2008-08-13 » Tá sé deacair a chreidbheal go bhfuil Sabhal Mór Ostaig ar an fhód le 30 bliain agus breis anois. Is iontach an fiontar é agus is iontach an tionchar atá sé ag imirt ar Ghaeil anseo in Albain agus ar Ghaeil na hEireann chomh maith.Is cruthanas é Sabhal Mór [...]
2008-08-07 » Inniu tá mé ag bogadh tí agus ar eigeán go mbeidh bomaite agam le bheith ag cur leis an bhlag seo. Maith dom é. Beidh grianghrafanna ó chruinniú na hoíhce aréir sa Chultúrlann nuair a bhí Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta faoi chaibidil agus tuairisc ar an imeacht againn go [...]
2008-07-29 » Le tamall anuas táthar ag tabhairt chun cuimhne eachtraí 1968 sa tuaisceart agus an ról a bhí ag gluaiseacht na gCearta Sibhialta anseo sna himeachtaí sin. Tá caint go leor faoi thionchar na Fraince agus a raibh ag titim amach ansin ar an ghluaiseacht sa tuaisceart. Ach mar is nós rinneadh neamhairde, [...]
2008-07-17 » Bhí oíche den chéad scoth ann sa Halla Cois Cuain I mBéal Feirste ar na mallaibh nuair a tháinig sciar nach beag de mhaithe mhóra na cathrach, (agus cuid den chosmhuintir chomh maith!) tháinig siad le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh I gcuideachta Ard Mhéara nua Bhéal [...]
Déan teagmháil | Maidir Linn | Nireblog Planet
NireBlog
Multilingual Blogs
