
NireBlog I dteangacha eile: ar|ast|br|ca|cy|en|es|eu|gl|oc|pt|pt_br|ru|an|ga|tr|
2008-11-02 » Tháinig mé chuig an agóid ó thuaisceart Bhéal Feirste ar ndóigh agus chuaigh mé thart ar bhun na Seanchille dá bharr. Bhí na sluaite síoraí de dhaoine ag teacht síos Bóthar na Seanchille agus is léir go bhfuil an cheist seo i ndiaidh an pobal aontachtaigh a spreagadh agus a [...]
2008-11-02 » 20 bomaite ó shin bhí mé i measc slua de na mílte duine a ghlac páirte i mórshiúil agóide Shinn Féin i gcoinne mhórshiúil arm na Breataine tríd lár Bhéal Feirste. Bhí mé i láthair fosta leis na céadta duine a ghlac páirte i mórshiúil agóide a reachtáil an [...]
2008-10-29 » Shocraigh Roinn Cosanta na Breataine, faoi bhrú nó ar chomhairle na nAontachtaithe, 'coat trailing exercise' a dhéanamh de mhórshiúil arm na Breataine tríd lár Bhéal Feirste Dé Domhnaigh. Thig le hAontachtaithe agus le cléir Protastúnach seinm ó seo go Lá Sheoin Dic nach bhfuil ar intinn ag lucht eagraithe na [...]
2008-10-24 » Tá tuairimí go leor agam faoi Lá Nua agus scéal a himeachta a fógraíodh ar maidin. Ach fad is go bhfuil mé ag plé leis an bhlag seo tá fosta ag obair ag Raidió Fáilte agus tá fiche cúram orm dá bharr. Mar sin fillfidh mé ar an cheist i [...]
2008-10-21 » Bhuail Gearóid Mac Adaim le Gregory Campbell aréir agus rinne an cás dó, arís eile, ar son Acht na Gaeilge. Níorbh éigean an cás a dhéanamh nó tá an argóint caillte ag an DUP fad ó shin faoin cheist seo. Tá a leithéid de reachtaíocht sa Bhreatain Bheag agus in [...]
2008-10-20 » Is maith an rud an bheirt Brian, Cowen is Lenihan, a bheith ar an chos chúl, iad ag tabhairt le fios anois go mbeidh maolú ar a bplean chun cártaí leighis a bhaint de dhaoine thar 70 bliain d’aois. Ní hé nach bhfuil an pobal sna 26 Chontae ar an [...]
2008-10-15 » Níl aon duais againn le bronnadh ach tá muid ag tabhairt ardán do Chiarán Mac Giolla Bhéin a chuir in airde an 200ú postáil ar an bhlag seo. Má tá cruthanas de dhíth ar a fhiúntaí is a bhíonn blag mar seo don phobal Gaelach tá sé le fáil sa [...]
2008-10-13 » Tá TACA ag seoladh ciste nua chun cuidiú le naíscoileanna Gaelacha ar fud Chúige Uladh. Is eagras é TACA a reáchtálann crannchúr chun airgead a thógáil do tograí Gaelacha. Thig le naíscoil Ghaelach ar bith i gceann ar bith de na 9 gcontae iarratas a chur isteach ar dheontas ó Ciste na [...]
2008-10-12 » Dé Sathairn11ú Deireadh Fómhair, ghlac 4,000 duine idir óg agus aosta páirt i mórshiúl POBALi lár Bhéal Feirste ar son Acht na Gaeilge TÉ. Roghnaíodh an dáta seo ar 3 chúis: tá sé bliain iomlán ó d’fhógair Edwin Poots nach raibh sé de rún aige Acht na Gaeilge a reachtú; [...]
2008-10-11 » Dar leis an BBC go raibh tuairm is 400 ar an mhórshiúil d’Acht na Gaeilge i mBéal Feirste inniu. Dar liom féin go raibh míle duine agus breis ann ach ce mise chun argóint leis an BBC! Nach iad a bhain gradaim le linn na dTrioblóidí nuair a d’éirigh leo [...]
2008-10-02 » Ní díol iontais ar bith agam go bhfuil Conchúr O Liatháin, iareagarthóir ar Lá, ag carnadh leis na duaiseanna agus é ar ais anois i gCúl Aodha. An oíche faoi dheireadh sciob Conchúr leis an duais sa chomórtas blagála ag Duaiseanna Liteartha an Oireachtais. Ní gá ach spleachadh gasta ar [...]
2008-09-17 » Is annamh a bhím ar aon intinn le Fintan O Toole ach d’aontaigh mé le gach uile focal den alt a scríobh sé ar an Irish Times Dé Máirt na seachtain seo faoi chúrsaí Ros Dumhach. Is maith liom smaoineamh go bhfuil luí agam le polaitíocht ghlas, glas i dteamaí [...]
2008-08-25 » An UVF? An UDA? An bhfuil a fhios ag an DUP go bhfuil ann dóibh? Shílfeá nach raibh. Tá an DUP fós ar neamhaird gach rud is gach duine eile ach Sinn Féin agus Comhairle Airm an IRA (nach eol é a bheith ann nó gan a bheith ann fiú!) [...]
2008-07-30 » Gearmánach í mo chailínchara agus is iontach liom an léargas ar leith a bhfaighim ar an tsaol cionn is go mbíonn dearcadh éagsúil aici ar chúrsaí go minic. Cuir i gcás, an córas iompair i mBéal Feirste. Nó an córas iompair in aon mhórchathair ar an oileán. Díol náire agus cúis [...]
2008-07-27 » Ba cheart do Shinn Féin, ba cheart don SDLP, ba cheart do gach Gael, agus do gach duine ar mhór leo oideachas Gaelach sna Sé Chontae, ba cheart do gach uile mac máthara acu tacú le Coláiste Speirín. Agus sin a dhéanamh go glórach. Ba chóir an scoil a mholadh chun [...]
Déan teagmháil | Maidir Linn | Nireblog Planet
NireBlog
Multilingual Blogs
