
NireBlog I dteangacha eile: ar|ast|br|ca|cy|en|es|eu|gl|oc|pt|pt_br|ru|an|ga|tr|
2008-11-02 » Dar leis an BBC inniu go raibh 30,000 duine amuigh ar shráideanna Bhéal Feirste ag fáiltiú ar ais trúpaí na Breataine i ndiaidh dóibh a bheith san Afganastáin. Gach seans go raibh. Orthu sin a bhí ann bhí Jackie Mc Donald agus a bhuíon UDA. An UVF agus a buíon s'acu. Go [...]
2008-10-31 » Den chéad uair bhreathnaigh mé inniu ar an fhíseán ar You Tube a léiríonn cad go díreach a thit amach nuair a chuaigh fear ólta, a raibh gunnán aige,amach ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste i mí Mheithimh seo thart agus bhagair ar bhean a bhí ag tiomáint cairr.http://uk.youtube.com/watch?v=QaMylVczGpk [...]
2008-10-27 » Cothromas nó neodracht. Is é sin rogha ó thuaidh. Agus arís eile tá raic ann cionn is go síleann na húdaráis ó thuaidh, ó iriseoirí go péas, gur gá dá gcuid oibrithe poipín a chaitheamh an t-am seo den bhliain. Is cuma go bhfuil go leor de na hoibrithe sin atá naimhdeach [...]
2008-10-20 » Bhí Deirdre Morrison orthu sin a thugaimid ‘victim of crime’ orthu. Bhí sí i mbun siopa i mBéal Feirste a robáladh ar na mallaibh agus bhagair an robálaí í. De thairbhe gur fhiosraigh siad an cás seo bhí aithne ag an PSNI uirthi. Nuair a fuair na peas tuairisc go [...]
2008-10-10 » Ní aon iontas é gur chlis ar an chás a thóg an PPS (Seirbhís Ionchúisithe Poiblí) agus an PSNI ó thuaidh i gcoinne Chris Ward. Ní raibh an fhianaise ann olena chiontú ná baol air agus gach seans gur thuig an dá dhream sin nach raibh an fhianaise ann a [...]
2008-10-02 » Is fada mé ag tabhairt amach do na péas agus do na húdaráis nach bhfuil mé sásta comhoibriú leo cionn is nach bhfuil siad sásta seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge. Ach ní bhíonn ag aon rud ach a sheal. Agus tá an seal sin, a bhí fada go [...]
2008-09-04 » Tá Peter Robinson buartha agus thar a bheith buartha faoi Chomhairle an Airm den IRA agus cé acu an mbíonn siad ag bualadh le chéile a mhinice agus a bhí. Cad é mar a chruthaíonn tú go bhfuil nó nach bhfuil nuair is eagraíocht rúnda atá i gceist atá iomlán [...]
2008-08-06 » Mo bhuíochas le gach duine a sheol ríomhphost chuig an bhlag seo chun tuairim a nochtadh faoi mholadh Sheáin Ui Chuirreáin go mba cheart idirdhealú dearfach a thionscnamh sa státseirbhís ó dheas chun cur le líon na nGaeilgeoiri ansin, córas den saghas a mhol Patten don PSNI chun níos mó [...]
2008-07-17 » Bhí oíche den chéad scoth ann sa Halla Cois Cuain I mBéal Feirste ar na mallaibh nuair a tháinig sciar nach beag de mhaithe mhóra na cathrach, (agus cuid den chosmhuintir chomh maith!) tháinig siad le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh I gcuideachta Ard Mhéara nua Bhéal [...]
Déan teagmháil | Maidir Linn | Nireblog Planet
NireBlog
Multilingual Blogs
