
NireBlog I dteangacha eile: ar|ast|br|ca|cy|en|es|eu|gl|oc|pt|pt_br|ru|an|ga|tr|
2008-11-02 » Tháinig mé chuig an agóid ó thuaisceart Bhéal Feirste ar ndóigh agus chuaigh mé thart ar bhun na Seanchille dá bharr. Bhí na sluaite síoraí de dhaoine ag teacht síos Bóthar na Seanchille agus is léir go bhfuil an cheist seo i ndiaidh an pobal aontachtaigh a spreagadh agus a [...]
2008-11-02 » 20 bomaite ó shin bhí mé i measc slua de na mílte duine a ghlac páirte i mórshiúil agóide Shinn Féin i gcoinne mhórshiúil arm na Breataine tríd lár Bhéal Feirste. Bhí mé i láthair fosta leis na céadta duine a ghlac páirte i mórshiúil agóide a reachtáil an [...]
2008-10-30 » Gach seans go mbeidh placardaí Gaeilge á n-iompar ag lucht Shinn Féin agus iad ag agoid i mBéal Feirste Dé Domhnaigh agus an UDR/RIR ag mairseáil tríd lár an bhaile ann. Ach an rud nár eol do go leor ná go mbeidh an RIR ag iompar mana as Gaeilge os a [...]
2008-10-29 » Tá scannal ag baint le Jonathan Ross - agus ní hé amháin an 'jóc' suarach a d'imir sé féin is Russell Brand ar Andrew Sachs. Tá Jonathan Ross ar chonradh trí bliana ar luach £18m. Sea, £18m. Dá mbeadh baincéir nó ceannasaí ar chomhlacht ola ar an tuarastal sin bheadh daoine [...]
2008-10-21 » Bhuail Gearóid Mac Adaim le Gregory Campbell aréir agus rinne an cás dó, arís eile, ar son Acht na Gaeilge. Níorbh éigean an cás a dhéanamh nó tá an argóint caillte ag an DUP fad ó shin faoin cheist seo. Tá a leithéid de reachtaíocht sa Bhreatain Bheag agus in [...]
2008-10-21 » Briseadh ar Peter Robinson agus a bhuíon ag Clontibret na blianta fada ó shin agus mura mbíonn sé ciallmhar is cúramach gach seans go mbrisfear ar Peter agus a bhuíon arís eile go luath. De réir mar a thuigim níl Peter Robinson ag rá nach nglacfaidh sé le dilárú cumhachtaí póilíneachta. [...]
2008-10-20 » Is maith an rud an bheirt Brian, Cowen is Lenihan, a bheith ar an chos chúl, iad ag tabhairt le fios anois go mbeidh maolú ar a bplean chun cártaí leighis a bhaint de dhaoine thar 70 bliain d’aois. Ní hé nach bhfuil an pobal sna 26 Chontae ar an [...]
2008-10-17 » Tá áis nua iontach ag Conchúr Ó Liatháin ar iGaeilge, an suíomh idirlín a bhain duais an Oireachtais i mbliana - tá nasc leis ar thaobh an leathanaigh seo. Is é atá ann ná gléas vótála le go dtig leat vótáil faoi cheisteanna áirithe. Is é an ceist atá le [...]
2008-10-14 » Tá an coiste a bhunaigh rialtas na Breataine chun breathnú ar cheisteanna athmhuintearas agus fírinne ó thuaidh chun a dtuarascáil a fhoilsiú ag tús mhí na Nollag de réir mar a chulintear dom. Pléfidh an tuarascáil maruithe sna Trioblóidí agus na hargointí ar son, nó i gcoinne, Coimisiúin na Firinne [...]
2008-10-10 » Tá dhá litir ar an Irish News inniu ag moladh do Ghearóid Mac Adaim ceannasaíocht a léiriú i gcás Choláiste Speirín. Luaítear go sonrach Caitríona Ruane agus Martin Mc Guinness ann. Is maith is eol mo sheasamh faoin cheist seo. Lena hathrá, creidim gur gá aitheantas a fháil do Choláiste [...]
2008-10-09 » Fuair mé féin agus roinnt eile deascéal ar maidin nó tá mo chéad leabhar, Cathracha, ar an ghearrliosta do Duais an Leabhair Gaeilge ag Gradaim Glen Dimplex. Deantar na duaiseanna seo a reachtáil i gcomhar le hIonad Scríbhneoirí na hÉireann agus ar an iomlán tá duaischiste ar luach E45,000 ar [...]
2008-10-02 » Is fada mé ag tabhairt amach do na péas agus do na húdaráis nach bhfuil mé sásta comhoibriú leo cionn is nach bhfuil siad sásta seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge. Ach ní bhíonn ag aon rud ach a sheal. Agus tá an seal sin, a bhí fada go [...]
2008-09-30 » Dé Máirt seo thart bhí Peter Robinson agus Nigel Dodds chun comhráiteas a dhéanamh ag cur in iúl go raibh siad ag obair le chéile chun an leamhsháinn sa phróiseas síochána a réiteach agus go raibh siad cinnte de go ndéanfaí é a réiteach ar ball. Níor tharla an comhráiteas [...]
2008-08-29 » Drochscéal amach is amach go bhfuil Village, iris Vincent Brown, le dul as gnó. Tá an t-iris le trí bliana, a bheag nó a mhór, agus dála Brown féin thug sé guth difriúil isteach sna meáin Eireannacha, meáin atá coiméadach go maith agus i bhfad róchompórdach. Thug sé ardán fosta [...]
2008-08-29 » Táthar chun athruithe ollmhóra a dhéanamh ar an chóras Gaeloideachais ó thuaidh, sin más fíor do thuarascáil de chuid na Roinne Oideachais sa tuaisceart, tuarascáil a sceitheadh leis an Irish News an tseachtain seo. Tá sé molta ann gur cheart, amach anseo, Gaelscoileanna nua a bhunú [...]
2008-08-25 » An UVF? An UDA? An bhfuil a fhios ag an DUP go bhfuil ann dóibh? Shílfeá nach raibh. Tá an DUP fós ar neamhaird gach rud is gach duine eile ach Sinn Féin agus Comhairle Airm an IRA (nach eol é a bheith ann nó gan a bheith ann fiú!) [...]
2008-08-20 » Bíonn tú ag dreim leis an BBC, BBC Thuaisceart Eireann, maslú don phobal náisiúnach o thuaidh. Is fad cleachtaite iad ar a leithéid, bíodh an Ghaeilge i gceist nó aon rud eile a bhaineann leis an Eireannachas. Nach iad BBC NI a chaith blianta fada ag mí-fhuaimniú ainmneacha ‘deacra’ ar nós [...]
2008-08-18 » Cuir i mo lámha é. Sin an t-aon rud atá mise ag éileamh anois. Dála Tomás an Amhrais ní chreidfidh mise go hiomlán san iris 'Nósmag' go dtí go mbeidh sí i mo lámha agam. Tá a fhios agam go bhfuil fiche argóint ar son irise mar í a bheith [...]
2008-07-29 » Le tamall anuas táthar ag tabhairt chun cuimhne eachtraí 1968 sa tuaisceart agus an ról a bhí ag gluaiseacht na gCearta Sibhialta anseo sna himeachtaí sin. Tá caint go leor faoi thionchar na Fraince agus a raibh ag titim amach ansin ar an ghluaiseacht sa tuaisceart. Ach mar is nós rinneadh neamhairde, [...]
Déan teagmháil | Maidir Linn | Nireblog Planet
NireBlog
Multilingual Blogs
