Logo NireBlog

NireBlog I dteangacha eile: ar|ast|br|ca|cy|en|es|eu|gl|oc|pt|pt_br|ru|an|ga|tr|

Cuir tús le do bhlag saor in aisceBainistigh do Bhlag

Ar dhearmad tú d'fhocal faire?

Clib » Blag: "andrumamor" » Clib: "sinn fein"

An ghá agóid a bheith ann Dé Domhnaigh?

2008-10-29 » Shocraigh Roinn Cosanta na Breataine, faoi bhrú nó ar chomhairle na nAontachtaithe, 'coat trailing exercise' a dhéanamh de mhórshiúil arm na Breataine tríd lár Bhéal Feirste Dé Domhnaigh. Thig le hAontachtaithe agus le cléir Protastúnach seinm ó seo go Lá Sheoin Dic nach bhfuil ar intinn ag lucht eagraithe na [...]

Agóid ar lá eile ab fhearr

2008-10-23 » Dé Máirt bhí dílseoirí ag cur in iúl go ndéanfadh an agóid i mBéal Feirste, atá Sinn Féin chun tionol in aghaidh trúupaí an RIR ar a dteacht ar ais ón Iaráic/Afganastáin, go ndéanfadh sin dochar do chaidreamh pobail agus go gcuirfeadh sé le teannas. Thiocfadh dul siar agus labhairt [...]

Ráiteas Adams i mBéarla

2008-10-22 » Is é seo cóip Béarla den ráiteas a d'éisigh Gearóid Mac Adaim inniu. Adams expresses support for daily Irish language paper Sinn Féin President Gerry Adams, MP,MLA, has today expressed his support for a daily Irish language newspaper and his support for those who would wish to provide this service to [...]

'Bheadh imeacht Lá ina chéim siar' Adams

2008-10-22 » Arsa Gearóid Mac Adaim agus é ag caint ag dá ócáid phoiblí inniu agus in agallamh le Raidió Fáilte, "Tá nuachtán laethúil Gaeilge de dhíth. Ar ndóigh caithfidh sé a bheith inbhuanaithe. Beidh Sinn Féin ag tacú leis na daoine atá ag iarraidh seirbhís a chur ar fáil don phobal Gaelach. [...]

Clontibret Cuid 2

2008-10-21 » Briseadh ar Peter Robinson agus a bhuíon ag Clontibret na blianta fada ó shin agus mura mbíonn sé ciallmhar is cúramach gach seans go mbrisfear ar Peter agus a bhuíon arís eile go luath. De réir mar a thuigim níl Peter Robinson ag rá nach nglacfaidh sé le dilárú cumhachtaí póilíneachta. [...]

Cá bhfuil Caitríona?

2008-10-20 » Cá bhfuil Caitríona? Tá cúrsaí ag scoil Movilla, mar a bhfuil stailc ag cur isteach ar oideachas páistí le seachtain anois, ina scannal. Agus caithfidh an tAire Oideachais gníomhú. Fiú mura bhfuil ann ach go rachadh Caitríona síos go Movilla, bualadh leis an dá thaobh agus ansin seasamh taobh amuigh den [...]

Coláiste Speirín

2008-10-10 » Tá dhá litir ar an Irish News inniu ag moladh do Ghearóid Mac Adaim ceannasaíocht a léiriú i gcás Choláiste Speirín. Luaítear go sonrach Caitríona Ruane agus Martin Mc Guinness ann. Is maith is eol mo sheasamh faoin cheist seo. Lena hathrá, creidim gur gá aitheantas a fháil do Choláiste [...]

Lá Nua - níl a port seinnte fós

2008-10-06 » Bhí mé páirteach i ndíospóireacht ar Raidió na Life inné le Cathal Mac Coille agus Neasa, Neasa Ní Cinnéide, ní bhfuair mé an t-ainm i gceart b’fhéidir, agus bhí Aine Ní Chiaráin mar láithreoir ann. Rinneadh plé go leor faoi Lá Nua agus ar mhaith olc nó dona cinneadh an [...]

Cá raibh Nigel?

2008-09-30 » Dé Máirt seo thart bhí Peter Robinson agus Nigel Dodds chun comhráiteas a dhéanamh ag cur in iúl go raibh siad ag obair le chéile chun an leamhsháinn sa phróiseas síochána a réiteach agus go raibh siad cinnte de go ndéanfaí é a réiteach ar ball. Níor tharla an comhráiteas [...]

Cad a tharlóidh don Fhoras?

2008-09-18 » Drochscéal d'Fhoras na Gaeilge nach raibh cruinniú den fheidhmeannas ag Stormont inniu. Má leanann cúrsaí mar seo, i gcionn trí mhí eile (beidh sé mhí caite ansin ag an Fheidhmeannas gan bualadh le chéile) tógfaidh an Comhrunaíocht Thuaidh - Theas cúram na gcumhachtaí atá ag an Fheidhmeannas chucu féin. Agus [...]

Acht na Gaeilge

2008-09-16 » Ní chreidim go mbeidh comhaontú idir Sinn Féin agus an DUP ar chúrsaí póilíneachta sa ghearrthréimhse. Agus fiú féin má tá ní dóigh liom go mairfidh sé. Tá sciar den DUP iomlán i gcoinne bheith in aon seomra le daoine as Sinn Féin gan trácht ar bheith ag roinnt cumhachta [...]

Martin Mc Guinness - Céad Aire?

2008-08-25 » An UVF? An UDA? An bhfuil a fhios ag an DUP go bhfuil ann dóibh? Shílfeá nach raibh. Tá an DUP fós ar neamhaird gach rud is gach duine eile ach Sinn Féin agus Comhairle Airm an IRA (nach eol é a bheith ann nó gan a bheith ann fiú!) [...]

Déan teagmháil | Maidir Linn | Nireblog Planet
NireBlog Multilingual Blogs