Logo NireBlog

NireBlog I dteangacha eile: ar|ast|br|ca|cy|en|es|eu|gl|oc|pt|pt_br|ru|an|ga|tr|

Cuir tús le do bhlag saor in aisceBainistigh do Bhlag

Ar dhearmad tú d'fhocal faire?

Clib » Blag: "andrumamor" » Clib: "sna"

Taispeántas sa Chultúrlann

2008-11-03 » Tá taispeántas iontach ag dul sa Chultúrlann faoi láthair. Is é Philip Goss a rinne an taispeántas seo a chur ar fáil agus tá píosaí ann de dhealbhóireacht chré-umha agus de dhair phortaigh mar aon le péintéireacht a rinne Philip. Uaidh féin a d'fhoghlaim Philp an ealaín agus múnlaíonn sé [...]

Adams ag tacú le Caoimhín

2008-10-29 » Tá an cás cúirte atá idir láimh ag Caoimhín Mac Giolla Catháin ag dul ar aghaidh i gcúirt Bhéal Feirste inniu arís. Tá Caoimhín ag iarraidh go gcuirfí ar ceal, go ndéanfaí a aisghairm, dlí de chuid na Breataine a choscann usáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh. Tá an dlí [...]

An poipín sea, cad faoi lile na Cásca chomh maith

2008-10-27 » Cothromas nó neodracht. Is é sin rogha ó thuaidh. Agus arís eile tá raic ann cionn is go síleann na húdaráis ó thuaidh, ó iriseoirí go péas, gur gá dá gcuid oibrithe poipín a chaitheamh an t-am seo den bhliain. Is cuma go bhfuil go leor de na hoibrithe sin atá naimhdeach [...]

£10,000 le baint ag naíscoileanna Gaelacha

2008-10-13 » Tá TACA ag seoladh ciste nua chun cuidiú le naíscoileanna Gaelacha ar fud Chúige Uladh. Is eagras é TACA a reáchtálann crannchúr chun airgead a thógáil do tograí Gaelacha. Thig le naíscoil Ghaelach ar bith i gceann ar bith de na 9 gcontae iarratas a chur isteach ar dheontas ó Ciste na [...]

Le plé - plean don Gaeloideachas

2008-10-12 » Rinneadh an doiciméid faoi athbhreithniú na Gaelscolaíochta ó thuaidh a lainseáil ag Leabharlann an Lín Halla maidin Dé Sathairn agus bhí slua nach beag i láthair ann. Doiciméad le háireamh é, atá mór i méid agus tábhachtach agus roinnt rudaí istigh ann a bhfuil conspóid ag baint leo. Mar sin [...]

iGaeilge

2008-10-02 » Ní díol iontais ar bith agam go bhfuil Conchúr O Liatháin, iareagarthóir ar Lá, ag carnadh leis na duaiseanna agus é ar ais anois i gCúl Aodha. An oíche faoi dheireadh sciob Conchúr leis an duais sa chomórtas blagála ag Duaiseanna Liteartha an Oireachtais. Ní gá ach spleachadh gasta ar [...]

An BBC agus éalú na Ceise Fada

2008-09-25 » B’iontach liom gur chraol an BBC an clár faoi éalú na Ceise Fada oíche Luain seo thart. Ionadh cionn is gur léiríodh scéal ó na Trioblóidí ar an chlár sin ar bhealach nár mhaith leis an BBC é a bheith á léiriú. Labhair Gerry Kelly, Bik Mc Farlane agus Bobby [...]

Seicteachas in Albain

2008-09-16 » 'The famine is over why don't you go home.' Ba é sin a bhí tacaithe le Rangers ag seinm le linn cluichí an chlub anuraidh. Agus níór cuireadh stop leis. Oiread is gur chuir duine ar bith stop le 'Up to our necks in Fenian Blood' a bhíodh á seinm [...]

Cath sa lá - 20 cath sa lá!

2008-08-29 » Táthar chun athruithe ollmhóra a dhéanamh ar an chóras Gaeloideachais ó thuaidh, sin más fíor do thuarascáil de chuid na Roinne Oideachais sa tuaisceart, tuarascáil a sceitheadh leis an Irish News an tseachtain seo. Tá sé molta ann gur cheart, amach anseo, Gaelscoileanna nua a bhunú [...]

Díothú na Gaeltachta

2008-08-21 » Ainm le háireamh é Johnny Bán Mc Aleer, as Caisleán Glas, Tír Eoghain. Cailleadh Johnny i 1972, agus ba é an chainteoir dúchais deireanach sna Sé Chontae. Nó sin an cuma atá ar an scéal dar le Diarmuid O Tuama, an té atá ag ullmhú sraith teilifíse do TG4 ar [...]

Tá fís againn

2008-07-17 » Tá mana clúiteach Martin Luther King 'Tá fís agam' agus pictiúr den laoch féin ar phostaer atá curtha amach ag lucht tacaíochta Ghaelscoil i gCo Thír Eoghain, an t-aon scoil amháin sna Sé Chontae atá gan aitheantas gan deontas. Agus tá Gaeil Bhéal Feirste chomh tógtha sin faoi na heachtaí atá [...]

Déan teagmháil | Maidir Linn | Nireblog Planet
NireBlog Multilingual Blogs