
NireBlog I dteangacha eile: ar|ast|br|ca|cy|en|es|eu|gl|oc|pt|pt_br|ru|an|ga|tr|
2008-10-30 » Ní stopann siad. Tá an Droichead ag brú agus ag brostú chun cinn i rith an ama. Tá an scoil agus ionad sóisialta ar Bhóthar Ormeau agus is é an t-aon Ghaelscoil amháin i ndeisceart/oirthear Bhéal Feirste. Osclóidh Scoil an Droichid, dhá sheomra ranga nua ar 3 Samhain chun riar ar [...]
2008-10-28 » Is iontach mar astá arm Mheiriceá anois ag úsáid cleachtas san Iaráic agus sa Phacastáin a thosaigh na hIosraelaigh agus iad ag sleachtú Palaistínigh. D'ionsaigh trúpaí Mheiriceá tithe ar thaobh Siria den teorainn idir an Iaráic agus Siria an lá faoi dheireadh. Is eol go cinnte gur mharaigh siad ceathrar [...]
2008-10-28 » Rinne Máirtín Ó Muilleoir tagairt shuimiúil inné ar a bhlag, http://apublishersblog.blogspot.com/ ar chumhacht You Tube agus a macasamhail. Ar ndóigh is fíor dó agus luaigh sé é go háirithe i gcomhthéacs an Phoblachtanais. Is cinnte nach dtuigimid fós a chumacht nó na féidearthachaí don am atá le teacht. Ach tá [...]
2008-10-22 » Arsa Gearóid Mac Adaim agus é ag caint ag dá ócáid phoiblí inniu agus in agallamh le Raidió Fáilte, "Tá nuachtán laethúil Gaeilge de dhíth. Ar ndóigh caithfidh sé a bheith inbhuanaithe. Beidh Sinn Féin ag tacú leis na daoine atá ag iarraidh seirbhís a chur ar fáil don phobal Gaelach. [...]
2008-10-21 » Thug mé iarraidh dul isteach ar shuíomh nua Comhar. http://www.comhar-iris.ie/ Ach níl rud ar bith ann ach 'hostbasket' i mBéarla, i bhFraincis agus san Ollanais. Cad é go díreach atá ag titim amach le Comhar?
2008-10-18 » Triúr bhean óg ó na Stáit Aontaithe a thug cuairt orainn sa Chultúlann inniu. Tá siad ag freastal ar ollscoil i nDoire go gcionn raithe agus iad ag foghlaim na Gaeilge, agus ag fáil amach faoi chultúr is béaloideas na hÉireann. Is iontach an líon sin turasóirí is cuairteoirí a [...]
2008-10-13 » Tá TACA ag seoladh ciste nua chun cuidiú le naíscoileanna Gaelacha ar fud Chúige Uladh. Is eagras é TACA a reáchtálann crannchúr chun airgead a thógáil do tograí Gaelacha. Thig le naíscoil Ghaelach ar bith i gceann ar bith de na 9 gcontae iarratas a chur isteach ar dheontas ó Ciste na [...]
2008-10-12 » Dé Sathairn11ú Deireadh Fómhair, ghlac 4,000 duine idir óg agus aosta páirt i mórshiúl POBALi lár Bhéal Feirste ar son Acht na Gaeilge TÉ. Roghnaíodh an dáta seo ar 3 chúis: tá sé bliain iomlán ó d’fhógair Edwin Poots nach raibh sé de rún aige Acht na Gaeilge a reachtú; [...]
2008-10-09 » Fuair mé féin agus roinnt eile deascéal ar maidin nó tá mo chéad leabhar, Cathracha, ar an ghearrliosta do Duais an Leabhair Gaeilge ag Gradaim Glen Dimplex. Deantar na duaiseanna seo a reachtáil i gcomhar le hIonad Scríbhneoirí na hÉireann agus ar an iomlán tá duaischiste ar luach E45,000 ar [...]
2008-10-08 » Níl ach beagán focal ann. Níl aon cheol ann. Is i gcillíní sna H-Blocanna a caitheann na carachtair formhór a gcuid ama. San ábhar a roghnaigh sé is sa dóigh a phléigh sé leis tá Steve Mc Queen ag snámh in aghaidh easa – agus sin ar ardluas. Ach réab Mc [...]
2008-09-29 » Bhí mé i bPáras ag deireadh seachtaine - díreach cuairt ghasta chun taighde a dhéanamh don dara imleabhar de Cathracha, an chéad leabhar a scríobh mé faoi chathracha. Sa dara leabhar beidh mé ag plé le Páras, Madrid, Liospóin, an Róimh, Bolgona, Mostar, Stocólm, an Vín, agus roinnt cathracha eile [...]
2008-09-25 » B’iontach liom gur chraol an BBC an clár faoi éalú na Ceise Fada oíche Luain seo thart. Ionadh cionn is gur léiríodh scéal ó na Trioblóidí ar an chlár sin ar bhealach nár mhaith leis an BBC é a bheith á léiriú. Labhair Gerry Kelly, Bik Mc Farlane agus Bobby [...]
2008-09-23 » Tuairisc ó Lá Nua, Luan 22 Meán Fómhair 2008 Thug Foras na Gaeilge le fios tar éis cruinniú bhoird i mBéal Feirste Dé hAoine seo caite go mbeidh deireadh ag teacht lena gcuid tacaíochta do nuachtán laethúil aeilge ó mhí Aibreáin na bliana seo chugainn mar gheall ar nach bhfuil [...]
2008-09-23 » Thar rud ar bith eile mholfainn do dhaoine a léann seo dul isteach agus tuairim a nocht. Tá faill agat sin a dhéanamh ar an suíomh seo agus cuirfeadh sé go mór leis an phlé faoi cad a ba cheart a dhéanamh maidir le cás Lá agus Foinse. Sula ndéanaim [...]
2008-09-22 » Seo an óráid a thug Seán Mag Uidhir, Iontaobhas na Gaelscolaíochta, agus é ag fógairt deontais an Iontaobhais inné ag Ostán an Glenavon ar an Chorr Críochach i dTír Eoghain inniu, Dé Luain.Events like today’s are the pay off for the work that we do throughout the year in the [...]
2008-09-16 » 'The famine is over why don't you go home.' Ba é sin a bhí tacaithe le Rangers ag seinm le linn cluichí an chlub anuraidh. Agus níór cuireadh stop leis. Oiread is gur chuir duine ar bith stop le 'Up to our necks in Fenian Blood' a bhíodh á seinm [...]
2008-08-29 » Drochscéal amach is amach go bhfuil Village, iris Vincent Brown, le dul as gnó. Tá an t-iris le trí bliana, a bheag nó a mhór, agus dála Brown féin thug sé guth difriúil isteach sna meáin Eireannacha, meáin atá coiméadach go maith agus i bhfad róchompórdach. Thug sé ardán fosta [...]
2008-08-06 » Bhí Aonghus agus duine no beirt eile agaibh ag fiosrú faoin chaint a thug an Frau Hufenus aréir agus an mbeadh teacht air. Beidh, ar ball beag. Rinneamar an chaint a thaifead do Raidió Fáilte agus beidh sé á craoladh ar an raidió againn ar an tseachtain seo chugainn. Cuirfidh [...]
2008-07-30 » Gearmánach í mo chailínchara agus is iontach liom an léargas ar leith a bhfaighim ar an tsaol cionn is go mbíonn dearcadh éagsúil aici ar chúrsaí go minic. Cuir i gcás, an córas iompair i mBéal Feirste. Nó an córas iompair in aon mhórchathair ar an oileán. Díol náire agus cúis [...]
2008-07-21 » Bean mhisniúil a ba í Sarah Conlon. Chuir mé agallamh uirthi i bhfad siar, díreach ag tús na 1980í i ndiaidh do Guiseppe bás a fháil. Is maith is cuimhin liom teacht amach as an teach s’aici ag bun Sráid Albert agus fiche mothú éagsúl mo reabadh as a [...]
Déan teagmháil | Maidir Linn | Nireblog Planet
NireBlog
Multilingual Blogs
